Tagann agus imíonn suíomhanna mheáin shóisialta na linne go minic na laethanta seo. Bhí príomhról ag Facebook tráth mar mheán sóisialta nárbh fhéidir a shárú idir postálacha breithlaethanta, ócáidí carthanachta agus físeáin ghreannmhara. Cé gur tháinig deireadh leis an nós i bhfad roimh m’amsa, bhí cáil ar leith ar Facebook toisc nuashonrúchán stádais amháin dá chuid – an stádas caidrimh. Ní nós nua é seo, áfach. Is seanbhunaithe an cleachtadh é stádas caidrimh duine a chur in iúl go soiléir os comhair an tsaoil. Seo é an Fáinne Cladaigh.
Mar a dúirt mé, ní ball don ghlúin Facebook mé. Is mór an faoiseamh dom nach gá dom uasdátú a dhéanamh ar líne maidir leis na cora agus castaí a bhaineann le mo shaol grá mar bhean óg sa chathair. Níl orm an t-eolas sin a roinnt leis an domhan mór. An bhfuil? Bhuel, sin go díreach céard a bhí á dhéanamh agam agus m’fháinne cladaigh ar mo mhéar, mo stádas caidrimh féin ar taispeáint do mhadraí na sráide. Ní raibh orm postáil a chruthú dó.
Le fada an lá ó cheannaigh mo mháthair é i siopa beag seodóra, thuig mé mar shiombail don fhéiniúlacht é m’fháinne, siombail don ghrá tíre agus den chultúr chomh maith leis na príomhshiombailí den ghrá, dílseacht agus cairdeas. Tháinig athrú ar an dearcadh sin nuair a tháinig an t-am chun é a chasadh. Níos cumhachtaí fós, é a chaitheamh leis an gcroí i dtreo mo láimhe le feiceáil go soiléir poiblí.
Is le déanaí a rith an smaoineamh sin liom agus mé tar éis casadh ar sheanchara do mo chuid ag stad an bhus. Lean muid orainn suíochán a fháil in aice a chéile agus an ceann scríbe céanna os ár gcomhair. Bhí gach rud foirfe chun seal a chaitheamh ag fáil amach na scéalta is déanaí againn gan mórán brú agus cúléisteacht ó Bhéarlóirí. Dar ndóigh, bhí comhrá deas againn faoi chúrsaí an tsaoil gur thug an cara spléachadh ar mo sheodra. Níorbh fhada gur tháinig m’fháinne cladaigh faoina shúil ghrinn. Ní raibh ann ach cúpla lá ó casadh é agus bhí orm an nuacht a nochtadh dó.
I gcomparáid leis an scéal iontach agus an scig-gháire a bhí á dhéanamh, níorbh ionann na mothúcháin ghealgháireacha sceitimíneacha sin ar fad agus na mothúcháin a músclaíodh ionam nuair a thug mé spléachadh gasta ar a mhéarsa: casadh fáinne an chladaigh a bhí air leis an gcroí i dtreo a iongan. Mar a tharla sé, níor casadh é ach cúpla lá roimhe agus níorbh fhada go raibh seisiún tacaíochta faoi lán seoil againn ar an 46A. Bhí áthas orm nach bhfaca mé an nuacht sin trí chuntas Facebook agus go raibh an deis agam a bheith mar chrann taca dó.
Tá stair shaibhir álainn ag Fáinne an Chladaigh le nasc láidir ar leith leis an sráidbhaile iascaireachta gar do chladach Chuan na Gaillimhe ag deireadh an seachtú haois déag. Tugtar aitheantas do Richard Joyce mar chruthaitheoir an chéad fháinne sa bhliain 1689 nuair a d’fhill sé ón sclábhaíocht ar an Mhuir Chairib go dtí a bhaile dúchais agus d’úsáid sé a chuid oiliúna mar ghabha óir chun an fáinne íocónach a dhéanamh go cleasach. Tá an traidisiún ó 1750 láidir i mbundhéantóirí Fháinne an Chladaigh in Thomas Dillons, Sráid na Céibhe, Cathair na Gaillimhe fós. Leis an bpaitinn ríoga a bronnadh orthu, tháinig clú ar na fáinní arís i lár an fichiú haois nuair a bronnadh Fáinne an Chladaigh, i measc seodra eile, ar an mBanphrionsa Grace sa bhliain 1962.
Maireann cáil Fháinne an Chladaigh go fóill. Is iomaí cara do mo chuid a bhfuil fáinne an chladaigh ar a méar acu. Nuair a aithním é ar mhéar duine éigin, músclaítear mothúcháin ar leith ionam. Is iad sin, is dócha, an grá, an cairdeas agus an dílseacht. Is bealach é tú féin a chur in iúl trí mhéan na n-ealaíon agus ní trí na meáin shóisialta.
Tá stíl, ceird agus teachtaireacht Fháinne an Chladaigh á n-athbheochan faoi láthair i ngnéithe cruthaitheacha éagsúla in Éirinn agus níos faide i gcéin. Mura bhfuil fonn ort do stádas caidrimh a léiriú ar do mhéar go fóill, tá roinnt táirgí úrnua a chuimsíonn an grá, an cairdeas agus an dílseacht agus a léiríonn oidhreacht, cultúr agus luachanna na tíre trí chroí idir dhá lámh agus coróin ar a bharr. Ní iarrann Facebook, Instagram nó an suíomh gréasáin ort do stádas caidrimh a nuashonrú le seiceáil amach.