Bhailigh fir ghruagacha as gach cearn den Eoraip i Leogang, baile beag Ostarach gar don teorainn leis an Ghearmáin, an deireadh seachtaine seo caite le haghaidh Chraobhchomórtas Féasóg agus Croiméal na hEorpa.
Gach bliain bíonn comórtais idirnáisiúnta féasóg ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud an domhain agus i mbliana bhí 150 duine páirteach chun fáil amach cé acu a raibh na féasóga is iontaí agus is craiceáilte sa mhór-roinn.
Tháinig siad as ocht dtír san iomlán agus bronnadh gradaim i rannóga difiriúla ar nós ‘Féasóg Saorstíle’, ‘Croiméal Nádúrtha’ agus ‘Verdi’, comórtas a bhí dírithe orthu sin a bhfuil féasóg i stíl an chumadóra cheoil as an Iodáil, Giuseppi Verdi, acu.
Níl aon amhras go bhfuil na craobhacha féasóg agus croiméal seo ar na comórtais is neamhghnách ar domhan agus dá mba mhian leat sampla d’iontrálacha na bliana seo a fheiceáil, nó fiú eolas a fháil ar conas páirt a ghlacadh ann ar an bhliain seo chugainn, is féidir cuairt a thabhairt ar www.worldbeardchampionships.com