FÍSEÁN: Ceacht féiltiúil smididh


Tá Bealtaine ar cheann de na féilte is tábhachtaí i bhféilire na nGael agus fáilte á cur againn roimh an samhradh.

Bíonn an ceiliúradh is mó sa tír ann ag Cnoc Uisnigh i gContae na hIarmhí ag tús mhí na Bealtaine agus bhí Ailbhe Ní Riain i láthair ag féile na bliana i gcuideachta a cairde.

Seo ceacht féiltiúil smididh ó Ailbhe. Agus tús oifigiúil curtha againn leis an samhradh, beidh neart deiseanna — Féile na Gealaí ina measc — agat stíl Ailbhe a thriail!

Míle buíochas le lucht eagraithe na féile ag Cnoc Uisnigh agus leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge a mhaoinigh an físeán seo.

SCÉALTA EILE