Le séasúr faisin an Fhómhair/Gheimhridh linn, is cosúil go bhfuil trí mhór-thionchar ann le faisean na bhfear; olann, fir adhmaid agus rac-cheol indie (fós!).
Cén fáth indie? Níl a fhios agam, mar tá sé uafásach i mo thuairim féin.
Le brístí gearra tanaí (nó jíons tanaí), caithfear a bheith cúramach.
Más maith leat stíl indie, lean ort, ach is minic a chaitheann fir iad agus cuma an-bheanúil orthu toisc nár smaoinigh siad faoin chulaith iomlán.
Is é an tslí is éasca chun cuma na jíons tanaí a dhéanamh ná léine liath le carbhat tanaí dubh.
Is fearr triail a bhaint as an scáthán sa seomra feistithe sula gceannaíonn tú rud ar bith.
Ná déan dearmad ar an riail órga: muna bhfuil tú iomlán cinnte, ná híoc as.
Mar Éireannaigh, is meascán é ár bhfaisean ón méid atá ag tarlúint san Eoraip (Londain ach go háirithe) agus Meiriceá.
Mar thír idir an Bhreatain agus na Stáit Aontaithe, ní minic a fheictear stíl na Mór-Roinne ar shráideanna na hÉireann, ach tá na Lochlannaigh in ann tionchar a bheith acu orainn go fóill, mar a bhí fadó.
Tá geansaithe olla (sea, na cinn a chaitheann tú amach sa bhruscar gach Nollag!) ag teacht ar ais i mbliana, go háirithe le mórshiopa na Sualainne, H&M.
Seans maith nach mbeifeá róthógtha leo, ach is féidir cuma thuaisceartach/Nordach a chur le chéile le geansaí olla bán/gorm, jíons dubha agus bróga bána ar nós Converse nó a leithéid.
Bheadh an chuma Íoslannach éasca – agus saor go leor – le cur le chéile, buíochas le H&M, Dunnes Stores agus Penneys.
Más féidir leat cúpla Euro/punt sa bhreis a chaitheamh, is fiú bualadh isteach chuig Zara nó Jack & Jones.
Bíodh maith nó olc é, tá macallaí de na 70dí agus na 80dí le breathnú i bhfaisean na bhfear le déanaí (go pearsanta, sílim gur tragóid atá ann).
Más maith leat a leithéid de retro chic mar a thugtar air, tá sraith éadach nua de chuid River Island in ann do shuim a shásamh ach beidh ort buiséad cuíosach maith (thart ar €70) a bheith réidh agat chun fiúntas a fháil as.
Fógraithe go hoifigiúil ag banna iontach nua Hurts, tá trend nua le feiceáil i measc na bhfear.
Tugtar Grindstone air, é ina mhacalla d’fhaisean na gcaogaidí le geansaithe olla (ar nós na nÍoslannach, ach gan bheith ildaite), léinte agus cultacha leathfhoirmiúla, agus scairfeanna dúghorma.
Más maith leat a leithéid, ach níl tú cinnte conas tosnú, féach ar fhíseán Wonderful Life le Hurts ar YouTube!
Agus ar deireadh, cé nach bhfuil sé ag tosú i siopaí na hardsráide go fóillín, tá Dolce & Gabbana ag cur na stíle foirmiúla chun cinn i mbliana le seaicéid chulaith dhubha a mheascadh le hoodies, agus léine bán & carbhat dubh a mheascadh le brístí bhoga.
Smaoinigh faoi ar nós preppy in aghaidh síc (chic) an choláiste!
Bígí ag fáil réidh.