Léiríonn Siún Ní Dhuinn dúinn an fáth a bhfuil eagarthóirí idirnáisiúnta faisin ag díriú ar Éirinn…
Deirtear go gcruthaíonn an pobal na meáin chumarsáide agus ní a mhalairt.
Má ghlactar leis an teoiric sin, is dóigh liom go bhfuil i bhfad an iomarca cumhachta á bronnadh againn ar lucht na gairme seo.
Cé nach féidir an ceangal idir na meáin agus cúrsaí faisin a shéanadh, agus ní dhéanfar é a bhriseadh go deo na ndeor, d’fhéadfaí an nasc láidir sin a lúbadh go bóthar atá níos bisiúla.
Dá nglacfaí leis an bhfaisean mar chuid de chultúr na healaíne, ag cur leis an gcultúr saibhir atá saothraithe agus cothaithe sa tír seo cheana, níor ghá go mbeadh éadaí úsáidte mar uirlis a thugann breithiúnas ar dhaoine ach mar phíosaí ealaíne, bealaí chun tú féin a chur in iúl.
Ag féachaint trí pheirspeictíocht na healaíne ar dhearthóirí úra na hÉireann, is cosúil go bhfuil athbheochan dár gcuid féin spreagtha i lár cúinsí dúshlánacha eacnamaíochta.
Is iad Simone Rocha agus J W Anderson a bhéas faoi sholas agam anseo – d’fhéadfaí iris iomlán a scríobh ar dhaoine eile nach iad atá ag feidhmiú sna ciorcail chéanna.
Tá Simone Rocha le feiceáil go minic ar leathanaigh Vogue agus Elle agus í ag tarraingt an clú is mó ar dhearadh na hÉireann faoi láthair.
Cé go bhfuil faisean ina fuil agus a hathair John Rocha ar dhuine de na dearthóirí Éireannacha is mó cáil, tá a gort féin á treabhadh ag Simone.
Bhain sí duais-sparánacht Elle-Cointreau i mbliana, tá a cuid bailiúchán ar fad sna siopaí idirnáisiúnta is clúití agus tá Lady GaGa gléasta aici, rud a léiríonn an rath atá uirthi.
Ina bailiúchán dar teideal Respect Your Elders, ba iad a seanmháithreacha ar an dá thaobh, seanmháthair amháin Éireannach agus seanmháthair eile Shíneach, a spreag chun cruthaitheachta í.
Léiríonn sí ómós don bheirt bhan ag baint úsáide as ábhair neamhghnácha agus dathanna a chuireann aimsir na seascaidí i gcuimhne.
Cé gur éadaí haute couture iad seo, d’fhéadfaí iad a chaitheamh láithreach, agus ní scanrófaí éinne – ní minic gur féidir é sin a rá faoi haute-couture.
Ní shamhlaítear Machaire Fíolta, Co. Dhoire, mar ardchathair stíle na tíre seo, ach tá Jonathon William Anderson ag athchruthú na háite i gcomhthéacs an fhaisin.
Anuraidh, dhear Anderson bailiúchán speisialta do Topshop agus ba é an bailiúchán ba mhó díol a bhí ag Topshop ariamh.
Tá stíl ar leith ag J W Anderson, stíl íostach agus andraigíneach a thaitníonn go mór le banríon stíl Londain, Alexa Chung agus a cairde Pixi Geldof agus Rita Ora.
Murab ionann agus Simone Rocha, tá éadaí d’fhir agus do mhná á ndearadh ag Anderson agus an-tóir ar chruthanna clasaiceacha an fhir óig ón dá inscne.
Más eiseamláirí iad Simone agus Jonathon ar cheird an fhaisin Éireannaigh, ní nach ionadh gur roghnaigh Vogue Éire mar shuíomh grianghrafadóireachta d’eagrán mhí Mheán an Fhómhair, an t-eagrán is clúití agus is mó díol chuile bhliain.
Tá súile géara eagarthóirí faisin ag féachaint inár dtreo, bímís ar an airdeall!