Jíons teanna – bígí cúramach!

Seans go mbíonn cuma mhaith ort agus tú ag caitheamh na mbrístí géine tanaí sin ach tá sé anois deimhnithe ag dochtúirí gur féidir gur baol sláinte iad.

Tá sé mínithe ag saineolaithe leighis sa Journal of Neurology, Neurosurgery and Psychiatry i Sasana go mb’éigean do bhean 35 bliain d’aois bheith gearrtha amach as a cuid jíons tar éis gur at a colpaí coise.

Bhí an bhean Astrálach ina suí ar a gogaide ar feadh tamall fada go leor agus, de bharr brú breise óna brístí teanna, rinneadh damáiste dá matáin agus néaróga.

Luaitear cásanna eile chomh maith den mhothú ag imeacht as cosa daoine de bharr go raibh a mbrístí ró-thanaí agus tá neart fianaise ann gur féidir leo áireamh speirmeacha na bhfear a ísliú chomh maith.

Má chaitheann fir jíons atá ró-theann, ní bhíonn go leor spáis ag na magairlí feidhmiú mar is ceart agus in amanna castar na magairlí go míchompordach agus laghdaítear an t-áireamh speirmeacha dá bharr.

skinny_jeans

I gcásanna eile fuair roinnt fear ionfhabhtuithe áirithe mar gheall ar a gcuid brístí bheith teann tanaí.

Deir údar an staidéir thuasluaite nach gá do dhaoine a mbrístí tanaí a chaitheamh amach láithreach ach go gcaithfear bheith airdeallach faoi na hiarmhairtí a d’fhéadfadh bheith i gceist.

“Ba chóir do dhaoine gan bheith ina suí nó ina seasamh sa suíomh céanna ar feadh ró-fhada agus iad ag caitheamh jíons teanna,” a deir an taighde.

“Déan iarracht bheith ag bogadh le linn an lae agus má thugann tú aon athrú i do chorp faoi deara, téigh chuig an dochtóir chun é a fhiosrú.”

Mar a deir an nuafhocal, “Is fearr an tsláinte ná bheith teannta!”

SCÉALTA EILE