Chuir brandaí móra eadaí ar nós Gap agus Topshop orduithe ar luach $2,000,000,000 ar ceal ag tús na paindéime, rud a d’fhág go raibh carnán stoc breise – éadaí a bhí déanta cheana féin – ag oibrithe sa Bhanglaidéis nach bhfuair íocaíocht ar a gcuid oibre.
Forbraíodh ‘Lost Stock’ le tacú le hoibrithe déanta éadaí atá ag tabhairt aghaidh ar an gcaillteanas oibre agus an t-ocras, de réir mar a chealaíonn miondíoltóirí sa Ríocht Aontaithe a gcuid orduithe stoic.
Meastar gur chaill os cionn milliún oibrí a gcuid post cheana féin mar gheall ar na cealuithe gan fasach seo. Tá an baol ann go mbeidh géarchéim dhaonnúil ann agus chaill cuid mhór daoine a n-ioncam uilig agus teaghlaigh iomlána ag fáil bháis leis an ocras.
D’oibrigh comhlacht i nDún Éideann Malzee, a bhfuil aip shiopadóireachta éadaí acu, agus Fondúireacht SAJIDA as lámha a chéile le Lost Stock a chruthú. Oibríonn Fondúireacht SAJIDA ar fud na Banglaidéise, ag cuidiú le hoibrithe, teaghlaigh agus pobail a bhfuil tacaíocht a dhíobháil orthu. Freastalaíonn an fhoireann ar phobail tuaithe agus uirbeacha frí thionscnamh éagsúla, idir shláintíocht, dhíothú maláire, agus thograí chun mná a chumhachtú.
Oibríonn Lost Stock i gcomhar le Fondúireacht SAJIDA chun cuidiú le pacáistí bia agus sláinteachais a dháileadh ar theaghlaigh ar fud 26 ceantar sa Bhanglaidéis. Dar leo, nuair a cheannaítear bosca amháin, tacaítear le teaghlach ar feadh seachtaine, agus sabháiltear na héadaí sin ón líonadh talún.
Ar an suíomh loststock.com is féidir do roghanna a chur isteach, idir thomhas; aoisghrúpa, agus stíl; geal, neodrach nó dorcha; agus phatrúin nó gan phatrúin. Tá £35 ar bhosca amháin gan phostas agus, dar leis an suíomh, tiocfaidh ar a laghad trí phíosa barréide.
Glacfaidh sé 6-8 seachtaine le teacht de bharr éilimh, mar sin nuair a thiocfaidh sé beidh sé mar bhronntanas duit féin a ndearna tú dearmad de!
Más duine thú atá ag iarraidh roghanna níos eiticiúla a dhéanamh i do chuid siopadóireachta éadaí agus píosaí fiúntacha éadaí a cheannach ar phraghas atá níos ísle, seo áit ar dóigh le toiseacht. Tá bosca ceannaithe agam féin, agus beidh mé ar ais le taispeáint daoibh cén sórt rudaí deasa a thiocfaidh.