Caitheann an ghnáthbhean in Éirinn €21,000 ar chosmaidí aghaidhe le linn a saoil.
Meastar gur fiú ceithre huaire níos mó ná sin an méid a chaitear ar a cuid gruaige agus ar an chuid eile dá corp.
Ó chosmaidí a chothaíonn didí bándearga go táirgí a bheireann boladh cumhra do chac, seo thíos rogha NÓS de na cosmaidí is aistí do na mná.
1. Dathú caithre, Betty
A bhuíochas le forbairtí eolaíochta, tá fáil anois ar dhathú gruaige gan cheimicí láidre ná amóinia.
Tagann sé le ciall go mbeadh daoine ag iarraidh go mbeadh dath na gruaige ‘thíos faoi’ ag teacht le dath na gruaige ar bharr a gcloigne.
Ní hé gur táirge mná amháin atá i gceist anseo ach is mó éilimh i measc na mban i dtaobh caithir dhaite.
Idir fhionn, bhándearg te agus neon gorm tá réimse leathan dathanna ar fáil le gur féidir a bheith ag spraoi le dathanna éagsúla nó ag tarraingt ar dhathanna níos nádúrtha chun bruis liath a dhathú.
I bhfocal lucht a dhéantúis ‘Tá Betty ann don uile dhuine, déanfaimid domhan ildathach a chruthú!’
2. Dathú Didí ‘Virgin Pink’
Tá neart cainte ann faoi nósanna mhná na hÁise i dtaobh gealadh craicinn de.
Baineann an faisean is déanaí le dathú didí.
Tógann an t-uachtar ceithre seachtaine le go mbeadh tionchar aige ar dhidí agus cuma níos bándeirge a tharraingt orthu, dar leis an mhéid atá scríofa ar an phacáistiú.
Ní de thaisme a cuireadh ‘Virgin’ ar an táirge aisteach seo ach oiread mar go bhfuil sé beo i mbéaloideas na Seapáine go n-éiríonn didí mná níos dorcha de réir mar a bhíonn sí gníomhach go gnéasach.
Ar ndóigh, ní bhaineann dath na ndidí le gnéas, ach is fíor go n-éiríonn siad níos dorcha le haois.
3. “Tabhair Dom Malaí”, Benefit
Tá déagóirí na nóchaidí fásta aníos agus ré órga na malaí tanaí caite go ceann tamaill eile.
Is fiú a admháil go ndeachaigh cuid mhaith againn thar fóir ag piocadh na malaí agus muid á ndearadh.
Rud nár dúradh linn áfach nach bhfásann gruaig na malaí mar a fhásann gruaig in áiteanna eile den chorp.
Agus mar a bheadh íoróin an tsaoil ann, le teacht a macasamhla Cara Delevingne, tá tóir anois ar mhalaí tiubha ramhra.
Tá ‘Gimme Brow’ ón chomhlacht Benefit anseo le cuidiú linn cuma na malaí móra a chothú as beagán gruaige.
4. Leamhachán collaigine, Hello Kitty
Is ón leibhéal ard collaigine sa chraiceann, atá againn go nádúrtha agus muid óg, a chothaítear craiceann mín agus cuma na hóige.
Faraor, de réir mar a théann muid in aois, tagann laghdú ar chollaigin agus ardú ar roic.
Caitheann comhlachtaí cosmaide na billiúin gach bliain ar tháirgí frithroctha ach is Hello Kitty, comhlacht na Seapáine, a tháinig ar bhealach blasta chun an leibhéal collaigine a ardú sa chorp.
Tá na milseán ar fáil go fairsing timpeall na hÁise ach cá bhfios an bhfuil feidhm frithroctha d’aon chineál acu.
5. Cumhra Tóna, Lutin Malin
Maíonn an fiontraí Francach, Christian Poincheva – an fear taobh thiar den chomhlacht Lutin Malin (An tSióg Ghlic) – gur chaith sé ocht mbliana ag cur snasa ar tháibléid a chothaíonn cumhra labhandair, róis nó seacláide as drochbholadh bromanna.
Níl siad go hiomlán dírithe ar mhná amháin ach tá an-tóir ar na táibléid i measc na mban leis an mheascán de chomhábhair nádúrtha, idir phlandaí, chnó cócó agus líoma, a théann i ngleic le baictéir bhia sa chorp is cúis le boladh bréan na mbromanna.
Ní amháin sin, ach maítear go bhfuil buntáistí sláintiúla i gceist leis na táibléid áirithe i dtaobh na gaofaireachta agus téann siad chun tairbhe ar an chonair stéigeach.
Seoladh na táibléid den chéad uair anuraidh agus is mór an fás atá tagtha ar réimse na dtáirgí atá a ndíol ag Lutin Malin ó shin.