Tá séasúr na gcóisirí linn agus oícheanta na Nollag cheana féin faoi lán seoil.
Is maith linn uilig cuma mhaith a bheith orainn thart ar an Nollaig agus tá cúpla culaith agam thíos leis an tsiopadóireacht ar líne a dhéanamh níos fusa…
Tá an chulaith seo foirfe do chóisir oibre na Nollag.
Caith seo i rith an lae san oifig le riteoga agus bróga ísle, cuir ort na sála arda agus baint díot na riteoga san oíche (má tá tú cróga go leor leis an fhuacht).
Níos fearr arís, is féidir leat an sciorta agus an chasóg a chaitheamh leo féin ag imeachtaí eile thar an Nollaig – bónais gan teorainn!!
Is breá liom an dath geal atá ar an ghúna seo.
Is deas dath mar seo a chaitheamh sa gheimhreadh mar ní bhíonn mórán daoine eile á chaitheamh.
Cé go bhfuil stíl an ghúna seo simplí go leor, chaithfinn cóta fionnaidh dathúil leis agus seasfaidh tú amach gan amhras.
Déanfaidh an gúna seo cúis i rith an tsamhraidh chomh maith.
An bhfaca sibh riamh blús chomh gleoite?
Is féidir leat seo a chaitheamh le brístí géine nó é a ghléasadh suas le sciorta leathair.
Sílím go bhfuil seo foirfe do Lá Nollag féin – b’fhiú nod a thabhairt anois do bhronntanas Nollag mar sin 😉
Má bhíonn tú ag léamh na n-irisí faisin le déanaí, ní féidir a shéanadh go bhfuil na ‘sock boots’ go mór san fhaisean an séasúr seo.
Ach, cad is fiú buaitaisí dubha a cheannach a t-am ar fad?
Bain triail as dathanna difriúla.
Tá rogha dhochreidte ar an suíomh seo publicdesire.com agus má tá cúpla péire uait, ceannaigh iad… is an Nollaig atá ann!
*Nod amháin eile – amharc i do chomhad dramhphoist beidh iontas ort ar na códanna lascaine atá i bhfolach istigh ansin!