Tá Nollaig na Gaeilge ag druidim linn… ní ag caint ar Oireachtas na Samhna atá mé ach Féile na Gealaí. Tá mé cinnte go bhfuil a fhios ag achan duine i saol na Gaeilge cad atá i gceist leis an fhéile. Ceol, ól, craic, agus pleidhcíocht i bpubaill, go bunúsach.
Is í seo an chéad uair dom dul ar Fhéile na Gealaí agus b’fheidir nach mbeidh an faisean chomh snasta is a shíl mé. Bhí mé ag smaoineamh faoi Alexa Chung, Sienna Miller, agus Suki Waterhouse ag Glastonbury. Vaidhbeanna ‘réalta rac’ a thabhairt liom chuig an fhéile. Pictiúir áille le spéaclaí gréine ar mo cheam digi fá choinne an leathanaigh Insta.
Ach cá bhfuil muid ag dul? Samhlaigh an radharc in Hannah Montana: The Movie (2009). Beidh muid ar an iargúltacht — i bPÁIRC! Ní bheidh leictreachas ann fiú, agus tá a fhios agam gurb as sin a thagann an tseafóid. Caithfidh mé a rá, ní hé sin an saol domsa. Cá mbeidh mé ag plugáil isteach mo Airwrap Dyson? Cá háit a mbeidh mé in ann mo ghnáthamh áilleachta a dhéanamh ag deireadh na hoíche?
Cibé ar bith, bhí orm smaoineamh ar an fheisteas nár mhaith liomsa a fheiceáil i gContae na Mí. Seo liosta úsáideach a chuir mé le chéile:
- Do na fir a chaitheann bríste gairid CLG: Níl sé faiseanta, níl sé cúláilte (geallaim daoibh go bhfuil an focal úd san fhoclóir, ní Béarlachas é) agus, thairis sin, tá a fhios agam cheana féin nach n-oireann an bríste gairid don chuid eile de do chulaith. Mura bhfuil tú in ann maireachtáil gan iad, cad faoi dhath taitneamhach? Bándearg nó dath na líolóige. À la an tionchaire Charlene Murphy fiú. Bríste gairid CLG le carbhat orthu. Bíonn cuma mhaith ar Paul Mescal nuair a bhíonn seisean ag caitheamh bríste gairid CLG ag Coachella, ach sibhse, fágfaidh mé ansin é…
- Hataí buachaill bó! Níl muid ag dul chuig ceolchoirm Harry Styles. Ní in Texas atá muid ach oiread. Mar sin de, cén fáth a mbíonn daoine ag dul ina mbuachaillí bó. Fág abhaile iad… le bhur dtoil.
Tháinig an doirbhíochas amach ansin. Gabh mo leithscéal. Ach cibé ar bith, caidé ba mhaith liom a fheiceáil ansin? Bhuel, cuir ort do chrios.
- Seaicéid lomra: tá mé ag caint faoi phatrúin chraiceáilte, éadaí athláimhe, geansaithe a gheobhfá ó vardrús do mhaimeo ó na 1980idí. Ní mór trácht ar leith a dhéanamh ar lomra Earagaile iontach ón bhranda @XIVCLO ar Insta, a bhíonn díolta amach gach uair a dhéanaim iarracht é a cheannach.
- Is é an branda Pellador, a dhéanann éadaí cniotáilte faiseanta arís agus atá lonnaithe in Éirinn, a dhearann agus a tháirgeann an casadh is iontaí ar ghnáthgheansaithe agus geansaithe. Tá mé gafa leis na knits agus tá na geansaithe Árainn galánta. Ní leantóir sacair mé ach chaithfinn a gcuid léinte agus geansaithe Chorn an Domhain. Díolann siad veisteanna, caipíní, agus balaclávaí freisin. Cad eile a d’fhéadfadh a bheith uait?
- Caithfidh muid DeBúrca a lua ar ndóigh. Tá mé gafa leis na geansaithe, na léinte, agus na málaí gualainne. Is é an mála an rud is tábhachtaí an deireadh seachtaine seo do na cannaí.
Tuigim go bhfuil cailíní IT an tséasúir ag caitheamh bríste gairid le ruifillí beaga bídeacha, éadaí cniotáilte giortaithe, agus buataisí bó ach caithfidh mé a chur i gcuimhne dom féin go bhfuil muid ag dul go Contae na Mí agus is dócha go mbeidh an aimsir cáidheach.
Mar sin féin, tá mé den tuairim nach féidir leat a bheith róghléasta go deo. An rud atá ann ná nach mbíonn tú féin róghléasta, ach nach bhfuil duine ar bith eile gléasta go leor.
Agus é sin á rá, b’fhéidir go bhfuil mé ag smaoineamh rómhór ar an fhaisean. Geallaim daoibh go léir go mbeidh mé ag tuairisciú ar ais (le pictiúir) ar Slé an Lae ag an Fhéile.