Is cuimhneach liom fós an chéad uair a ligeadh dom éadaí Nollag a roghnú dom féin.
Bhain freagracht faoi leith leis an tasc sin, agus baineann fós sa mbaile – is maith le Mam go mbeimid uilig slachtmhar néata “ar a laghad lá amháin sa bhliain”, mar a deir sí i gcónaí, chuile bhliain.
Roghnaigh mé culaith dhubh veilbhite – léine agus bríste – le paistí cearnógacha glasa agus an corrbhláth corcra orthu.
Bhí sí chomh gránna leis an gcur síos sin.
Ní thuigim agus mé ag cuimhneamh anois uirthi an chúis go raibh mé chomh tógtha léi – ach bhí agus b’shin a bhí tábhachtach ag an am, is dócha.
Bhí gúna bándearg, sciorta dubh agus gúna fada dearg agam i gcaitheamh na mblianta ó shin.
Ar chúis éigin, bhí dúil agam sa veilbhit i gcónaí, a bhfuil áit aici fós i mo chófra éadaí. Mar sin, nach mé atá sásta go bhfuil sí tagtha chun cinn i réim an fhaisin arís.
Bhí sí le feiceáil i ngach áit anuraidh agus níl sí ag dul áit ar bith anois go bhfuil an fómhar ag druidim linn an athuair.
Seo cuid de na píosaí is fearr liom atá feicthe agam don séasúr seo.
Buataisí fada
Treocht eile atá théis bliain eile a mhaireachtáil ná buataisí fada, níos airde ná do ghlúine. Ní raibh mé sách cróga len iad a thriail anuraidh, ach seans go dtiocfaidh cathuithe orm i mbliana.
Tá an péire álainn seo ar fáil ó River Island, ach tá péire eile níos saoire feicthe agam in Tesco freisin (áit iontach nach gcuimhneoinn uirthi do bhróga de ghnáth!).
Gúnaí Galánta
Níl aon phíosa éadaigh eile chomh sóúil liom ná gúna veilbhite. Gúnaí fada veilbhite is fearr liom, ach do ghnáthoíche amuigh le cairde nó ag cóisir, tá an ceann seo ó Zara go hálainn.
D’fhéadfá é a chaitheamh ag cóisir le sálaí arda agus seodra, nó is breá liom an stíl sa bpictiúr seo, le buataisí troma – compordach ach fós galánta.
Léine do lachóigín
Nach álainn an léine bheag seo?
Tá sí ar fáil ó Zara freisin agus bheadh sí foirfe le bríste géine, más mian leat a bheith gléasta go deas ach gan mórán iarrachta a dhéanamh.
Tá sé galánta freisin le sciorta, mar atá le feiceáil sa bpictiúr – culaith bhreá do bhál nó dinnéar mura bhfuil tú ag iarraidh an iomarca a chaitheamh ar ghúna nua míphraiticiúil.
Geansaí gorm
Fianaise gur féidir le veilbhit a bheith praiticiúil: bheadh an geansaí seo ó New Look iontach compordach agus te teolaí, chomh maith le bheith faiseanta.
Ba bhreá liom féin é seo a chaitheamh leis an sciorta airgid sa bpictiúr thuas. Bheadh sé oiriúnach don oifig agus do ghnáthlá, ach bheifeá réidh don oíche nó do chúpla deoch i ndiaidh na hoibre freisin!
Docs deasa
Mar atá le tuiscint ón méid atá ráite agam cheana, is breá liom a bheith compordach.
Nílim cinnte cé chomh praiticiúil a bheadh na buataisí seo sa mbáisteach, ach is iontach iad Doc Martens (cé nach fíor Docs iad seo) agus is iontach an veilbhit.
Tá siad ar fáil in New Look, agus is féidir liom a rá go bhfuil na bróga acu breá compordach agus go maireann siad i bhfad.
Tá mo phéire féin agam le fada!
Veilbhit ó mhullach go sáil
Más mian leat cloí leis an treocht seo, mar atá le feiceáil ar na “catwalks”, tá gá le níos mó ná léine nó beagán a chaitheamh – is gá a bheith dalba, cróga!
Tá na hirisleabhair breac le gúnaí fada agus cótaí móra ar phraghsanna ollmhóra.
Buíochas le Zara, áfach, bíonn éadaí na mainicíní curtha in oiriúint don ghnáthdhuine agus don ghnáthsparán.
Nílim cinnte go bhféadfainn féin an píosa seo a chaitheamh, ach is breá liom an dath dalba, agus le crios agus na bróga cearta bheadh sé uathúil agus faiseanta gan amhras!