Scaoil Amach na ‘Bobailíní’

Nuair a cheannaigh mé péire fáinní cluaise a raibh bobailíní fada gorma orthu bliain nó dhó ó shin, chuimhnigh mé ar Dita Von Teese agus na cailíní buirlisce a chuir an-dúil sna bobailíní.

Ach ní hiad cailíní buirlisce amháin a dtaitníonn bobailín nó dhó leo áfach, ná baol air.

tassels, a d’eascair ón focal tassau na Laidine, le feiceáil síos trí stair an fhaisin, timpeall na cruinne, agus tá dearaí úra agus forbairt tagtha orthu leis an mílte bliain anuas.

Bhí na chéad leaganacha simplí le feiceáil ar rugaí agus ar éadach chomh fada siar le 330AD.

Bhíodar le feiceáil le linn na hImpireachta Biosántaí, ag na Farónna san Éigipt agus in ealaín shíoda ársa na Síne, leathbhealach timpeall na cruinne.

Le linn an Renaissance, samhlaíodh an bobailín le stádas agus le saibhris ach is iad na hippies a tharraing ar ais i bhfaisean iad sna 60í agus 70í i SAM.

Mar chomhartha tacaíochta ag na bundúchasaigh i Meiriceá ar dtús, bhí áit lárnach ag an bhobailín sna gluaiseachtaí cearta sibhialtacha ar fud na cruinne agus iad á gcaitheamh ag ceoltóirí móra agus lucht a leanúna sa ré sin.

Mar is nós le faisean, tá stíl na 70í théis filleadh ar na sráideanna agus tá bobailíní le fáil go tréan sa stíl folk atá i réim don samhradh.

Fiú don té nár chuir mórán suime i mbobailíní cheana, tá bealaí seiftiúla go leor ann chun iad a chaitheamh agus á sníomh isteach i do vardrús, is cuma cén stíl atá agat!


Bróga Galánta Geala…

HM

Thit mé i ngrá láithreach leis na bróga seo agus chuaigh mé ar cuairt sa siopa mór H&M ar Shráid an Dáma fiú. Faraor tá costas ollmhór ar an bpéire seo – €79.99.

Is dócha gur fiú an t-airgead é má tá siad le bheith mar chroílár vardrús geal samhraidh, ach tá péire níos réasúnta in Penny’s faoi láthair ar €22 nach bhfuil díreach cosúil leo, ach atá beagnach chomh tarraingteach céanna.

Penny


Seodra Snasta…

hmprod

Mura bhfuil tú cinnte faoin stíl folk chic ach ag iarraidh blaiseadh beag de a chur le do stíl féin, tá seodra iontach chun beagán datha a chur le do chulaith.

Tá neart fáinní cluaise i réimse dathanna éagsúla in H&M (€9.99) agus tá seodra galánta órga in Penny’s faoi láthair atá sofaisticiúil agus éagsúil.


Geoiseanna Gleoite…mala

Lán dathanna, patrún den scoth, agus bobailín mór álainn air – is píosa a dhéanann ráiteas mór é an mála seo go cinnte.

Ar fáil anois i New Look (€29.99), bheadh sé foirfe do laethanta breátha an tsamhraidh atá romhainn, le cúnamh Dé!

Pink eile

Tá cúpla mála níos lú ar fáil i Zara chomh maith, cosúil leis an gceann álainn bándearg seo (€17.95)


Pumpaí Praiticiúla…

Zara

Mura bhfuil tú ró-thógtha leis an stíl boho, tá bealaí eile bobailíní a chaitheamh.

Más mian leat bróga simplí don obair a aimsiú, déanann bobailíní beaga leathair snas a chur ar do stíl gan mórán iarrachta.

Bheadh an péire seo ó Zara ar €39.95 go hálainn agus néata ag breathnú le bríste táilliúra snoite agus léine bheag bhán – níl amhras orm ach go mbeadh Audrey Hepburn féin breá sásta i gculaith mar í!


Go leor rudaí in H&M faoi láthair…

unnamed

Rinne mé gach iarracht píosa éadach amháin a roghnú as an gcnuasach is déanaí le H&M (atá ar fáil anois ar líne!), ach theip orm.

Is cuma más fearr leat bobailíní beaga ar sciorta deas simplí nó más mian leat an stíl ildathach na luath-60í a bhrásáil ina iomlán, tá píosaí deartha ag H&M atá feiliúnach don lá inniu le snas agus blas na seanlaethanta orthu.

Seo cúpla ceann a sheas amach agus a bheadh oiriúnach don obair, ag féilte an tsamhraidh nó ar lá breá grianmhar!

unnamed eilehmeilejpg

 

SCÉALTA EILE