Agus scuaba smididh de gach cineál agus cruth ar an mhargadh, bíonn sé deacair don núíosach oibriú amach cad ba cheart a bheith sa mhála smididh acu. Chuige sin, chuaigh NÓS i mbun comhairle leis an ealaíontóir smididh aitheanta Pauline Fletcher le fáil amach faoi scoth na scuab smididh ar fiú an t-airgead iad.
1. Scuab bhonnsmididh / Blank Canvas #F03
Tá ribí níos faide ná a chéile ar an scuab seo, rud a chiallaíonn gur iontach an scuab í seo le bonnsmideadh leachtach a chur ar d’aghaidh go slachtmhar.
Moladh a bheadh agam ná greim a fháil ar chos na scuaibe ag an phointe leathbhealaigh seachas ag an bhun (mar atá thuas), áit a bhfuil an ghruaig.
Cinnteoidh seo nach bhfuil meáchan nó brú breise á chur agat ar an scuab.
Níl de dhíth ach braoinín bonnsmididh ar an scuab ag aon am amháin agus is féidir cur leis de réir a chéile.
Úsáid gluaisne chiorclach leis an aghaidh a chlúdach. Feicfidh tú an difear!
Praghas: €14.99
2. Scuab aghaidhe barrchaolaithe / MAC #138
Tá an scuab chruinneacháin seo foirfe le cruth na haghaidhe a mhúnlú agus aird a tharraingt ar na himlínítí nádúrtha ar d’aghaidh.
Agus púdar á úsáid agat, bain leas as taobh na scuaibe chun an púdar a thógáil agus scaip ar fud na haghaidhe é le gluaisne leanúnach, ag díriú ar an chlár éadain, ar an tsrón agus ar an smig go háirithe – an Zón T!
Is breá liom an scuab seo mar gheall ar an chuma nádúrtha a chothaíonn sé ar imlínte na haghaidhe.
Tosaigh ar an uisinn (taobh thuas ó na súile) agus tarraing C, síos go bun na gcnámh leicinn.
Go háááálainn!
Praghas: €55.00
3. Scuab súile le huillinn ghéar / My Kit Co. #1.10
Is breá liom bailiúchán scuaibe ó My Kit Co.
Ar an cheann is fearr acu tá an scuab súile seo a bhfuil uillinn ghéar uirthi.
Tá sé foirfe agus tú ag iarraidh malaí a líonadh isteach nó cruth na mala a dhéanamh níos soiléire.
Le buillí éadroma, úsáid uilleann na scuaibe ón phointe is tibhe le cruth na mala a shoiléiriú agus le bearnaí ar bith a líonadh.
Úsáidim an scuab chéanna le scáthú súl a chur ar imeall an chaipín súile.
Praghas: €14.95
4. Scuab súile le meascadh / Blank Canvas E26
Is scuab chothrom í seo a bhfuil barr cruinn uirthi, atá foirfe le dath a chur ar chaipín súile.
Úsáid cothrom na scuaibe leis an scáthú a phiocadh suas agus leag síos ar an chaipín é.
Ag úsáid gluaisne chiorclach, cinntigh go bhfuil an dath curtha ar fud an chaipín súile agat agus isteach san fhilltín.
Ná bain an scuab den chaipín go dtí go bhfuil tú réidh.
Cinnteoidh sé seo nach dtitfidh an scáthú síos faoi na súile.
Praghas: €7.99
5. Scuab súile barrchaolaithe / MAC #224
Mo rogha-sa scuaibe le scáthú súl a mheascadh.
Tá an scuab seo níos caoile ag an bhun, rud a dhéanann foirfe í le himlíne dheas éadrom a chruthú den logall súile.
Pioc suas an scáthú leis an scuab, coinnigh na súile oscailte agus ag amharc díreach chun tosaigh.
Tosaigh ar an choirnéal is faide ón tsrón agus, le gluaisne chiorclach, lean líne nádúrtha an fhilltín anonn is anall.
Déanann an scuab seo an obair duit, agus í ag cinntiú go bhfuil an scáthú ag titim ar na háiteanna cuí, ar bharr agus faoi bhun an fhilltín.
Praghas: €32.95
Reáchtálann Pauline Fletcher ceardlanna smididh go rialta agus bíonn sí ar fáil do bhainiseacha agus ócáidí eile. Leanaigí ar Instagram í nó ar Facebook nó gabh i dteagmháil léi trína suíomh.