Nua-Eabhrac, Páras, Milan, Londain – ardchathracha faisin an domhain.
Bíonn stíl na ndaoine ag croílár na n-íomhánna a shamhlaítear agus muid ag déanamh machnaimh ar chultúr agus ar phearsantacht na gcathracha seo.
Dhá uair in aghaidh na bliana tarlaíonn cuid de na féilte faisin is mó ar domhan sna bailte móra áille seo, agus bíonn saol faisin na cruinne ag fanacht agus ag faire ar na héadaí éagsúla a bhíonn á léiriú ag na himeachtaí seo.
Agus os cionn 25 lá d’imeachtaí san iomlán – mar aon le 92 cnuasach nua seolta ag dearthóirí i Nua-Eabhrac amháin le mí anuas – thuigfí dá mbeadh deacrachtaí agat idirdhealú a dhéanamh idir na rudaí is fearr infheistíocht a dhéanamh iontu agus na treochtaí nach mairfidh i bhfad (na buataisí arda peirspéacs sin, mar shampla).
Ach ná bíodh aon imní oraibh, tá na leideanna is tábhachtaí uilig anseo daoibh!
Nua-Eabhrac
Níl dara ré na 90í thart fós, dar le dearthóirí an Úill Mhóir.
Bhí an stíl sin fós le feiceáil i nach mór chuile thaispeántas, agus tionchar na 70í ag teacht go mór chun cinn freisin.
An chulaith cholainne agus brístí géine sprochailleacha, ach anois le dathanna geala agus guaillí móra cumhachtacha!
Mura dtaitníonn an stíl sin leat, beidh rogha eile álainn ar fáil.
Léirigh Ulla Johnson agus neart comhlachtaí eile nach gá seaicéad proifisiúnta a chaitheamh le cuma chumhachtach a bheith ort, le feistis curtha le chéile le sciortaí fada, éadach éadrom, bláthanna boga agus dathanna pastail.
Galánta.
Páras
Bhí codarsnacht faoi leith le feiceáil idir na stíleanna éagsúla a tháing chun cinn i bPáras.
Tugadh frithfhreagairt ar threocht an ‘bodycon’ a bhí ann cheana, mar shampla.
Mar sin, seachas gúnaí teanna, a thaispeáin chuile chnap nó meall ar an gcorp, tá gúnaí scaoilte, éadroma á ndearadh anois.
Seans go gcuirfeadh sé sin faoiseamh ar go leor daoine, ach ar an lámh eile, bhí an mionsciorta le feiceáil go forleathan ag neart comhlachtaí agus dearthóirí chomh maith, Chloë ina measc, a chuir dathanna pastail orthu uilig, spreagtha ag macarons na Fraince – agus ní féidir gur drochrud é sin!
Milan
Mar is gnáth, léirigh Milan an stíl ailtéarnach sin atá ag na hIodálaigh, agus bíonn seachtain faisin Milan difriúil ó na féilte uilig eile.
Bhí la dolce vita mar théama láidir arís i mbliana, le gealra and smideadh ildaite, agus stíleanna gruaige casta ar fud na n-ardán.
Meascán mearaí dathanna agus patrún geal a ghlac tús áite sna feistis a bhí le feiceáil taobh istigh, ach is ar na sráideanna a bhí an faisean is fearr le fáil.
Dathanna geala, aisteacha curtha le chéile le seodra agus málaí móra.
Dá mhéad é is amhlaidh is fearr é san Iodáil!
Londain
Cumhacht, feidhmiúlacht agus stíl an-snasta a bhíonn chun tosaigh i bpríomhchathair Shasana.
I mbliana bhí na stíleanna ar na hardáin sách simplí, rud maith maith dúinne, an gnáthdhuine – is iondúil a bhíonn sé deacair éadaí na n-ardán a chaitheamh i do shaol laethúil.
Mura mbíonn ach dhá phíosa éadach i do chófra i mbliana, bíodh culaith aonphíosa agus cóta trinse agat, dar le muintir Londan.
Níos fearr arís más culaith aonphíosa scaoilte í atá cosúil le gúna, agus más gá cóta trinse a cheannach, bíodh sé bándearg – an dath is mó a bhí le feiceáil fud fad na n-ardán!