Smideadh d’Oíche Shamhna!
Bainigí triail astu seo...

Tá Oíche Shamhna ag teannadh linn agus is minic a dhéanaim féin cinneadh faoi ghléasadh suas díreach ag an bhomaite deireanach.

Más amhlaidh an cás duitse, nó mura bhfuil tú ag iarraidh mórán airgid a chaitheamh ar chulaith, tá cúpla smaoineamh thíos atá saor agus furasta a dhéanamh.

Bain triail astu agus meallfaidh tú aird ar an oíche!


1. Maighdean Mhara

Faoi dheireadh tá cúis leis an scathú súl ildaite sin atá agat ó bhí tú 13 bliana d’aois!

Tóg riteoga mogallacha agus sín iad thart ar d’aghaidh.

Níl le déanamh ansin ach na poill bheaga a líonadh le scathú súl.

Bain úsáid as dathanna geala ar nós bándearg, corcra nó gorm – níl rud ar bith scanrúil faoi mhaighdean mhara!

Bain na riteoga díot agus beidh patrún galánta fágtha ar an aghaidh.

Níl de dhíth ansin ach scathú súl ar na súile agus cúpla seoid ar an aghaidh… déanta!


2. Fia Gleoite

Cuir ort do chuid smididh mar a bheadh gnáthoíche ann ach cuir níos mó donnaitheoir thart ar d’éadan agus ar do phluca.

Tóg bonnsmideadh níos gile ar do mhéar agus déan cruth ciorclach leis ar bharr an donnaitheora atá ort cheana féin.

Bain úsáid as línitheoir súl dubh ar an liopa ar bharr agus ar an tsrón chomh maith. Más mian leat, cuir fabhraí bréagacha ort agus cuirfidh seo cuma níos drámatúla ar do smideadh.


3. Carachtar Greannáin

Tá cuma dheacair ar an smideadh seo ach ní mar a shíltear bítear!

Tarraing líne le línitheoir súl thíos faoi do ghiall agus na gruanna.

Tarraing líne eile díreach síos do shrón agus ar d’éadan.

Níl de dhíth ansin ach mallaí ar mire a tharraingt agus spotaí bána a chur thart ar d’aghaidh ar fad.

Bí ag súgradh leis an smideadh seo, tá cuid mhór dóigheanna difriúla inar féidir leat é a dhéanamh.

Mholfainn féin scathú súl geal agus béal dáth dearg!