Tatú ar mire!


Gach lá inniu feiceann tú duine ar an tsráid, ar an bhus, sa phub nó san obair a bhfuil tatú acu.

Tá fás mór tagtha ar líon na ndaoine sa domhan thiar atá tar éis dul faoi pheann – ba é an tÉireannach Samuel O’Reilly, dála an scéil, a chéadcheap an gléas tatuála i Nua-Eabhrac sa bhliain 1891, é bunaithe ar pheann leictreach Thomas Edison – agus ní dócha go dtiocfaidh deireadh leis an treocht aon am go luath.

Is fada an t-aistear atá siúlta ag na tatúnna céanna – ó íomhánna garbha na 80í go dtí an stíl reatha hipster, is cinnte go bhfuil caighdeán agus réimse na ndearaí feabhsaithe agus leathnaithe go mór.

Ach an mó tatú Gaeilge atá i measc na maisiúchán nua craicinn seo?

Ar chleacht mórán Gael nós na dtatúnna roimhe seo, sular tháinig borradh faoi arís le déanaí?

Má tá tatú le focail Ghaeilge agat féin nó ag duine dúchaithe de do lucht aitheantais, glac grianghraf de agus roinn é linn ar TwitterFacebook.

Chun an ceann a bhaint den scéal, seo chugaibh cúpla pic de dhaoine a chuir dúch Gaelach lena gcraiceann lom… mar a fheiceann sibh, tá cuid acu níos fearr ná a chéile!


Cinn a bhfuil ciall leo (seachas cúpla fada thall is abhus):

fanaidilisdeirfiuracha


Tá Ed Sheeran istigh ar an chraic fiú:

realt-eolais


‘Stailceann’ Google Translate arís! Nó bob dána nó droch-chomhairle…

breithiunas


Agus ar deireadh… bhuel, fágfaidh muid an ceann seo agaibh féin 😮

bas-bearla

SCÉALTA EILE