Togha na Tíre

Tá táirgí áille ar ardchaighdeán á ndéanamh anseo in Éirinn. Roinneann Siún Ní Dhuinn a rogha de na cinn is éifeachtaí ar bhain sí triail astu.

Tuigtear tábhacht na tionsclaíochta dúchasaí agus an tacaíocht atá ag teastáil uaithi níos fearr ná riamh sa lá atá inniu ann.

Déanaim mo dhícheall bia Éireannach a cheannach oiread agus is féidir liom, agus is dóigh liom go bhfuil formhór na tíre ar an gcaoi chéanna.

Ní haon dúshlán é agus mé san ollmhargadh mar go mbíonn suaitheantais shofheicthe ar an mbia dúchasach, ní mar a chéile margadh na háilleachta, áfach. Tá muid báite ag margaíocht na mbrandaí móra agus aghaidheanna aitheanta, nach bhfágann morán spáis do tháirgí Éireannacha atá ar chomhchaighdéan (nó níos airde) ach nach bhfuil na milliúin acu sna buiséid.

Ar mhaithe le léitheoirí NÓS, chuir mé stró orm féin agus bhain mé úsáid as na táirgí áille seo a leanas agus geallaim gur táirgí éifeachtacha iontacha iad ar fad.

Cocoa Brown Tan (@cocoabrowntan)

An táirge áilleachta Éireannach is mó tóir air i mbliana, is cosúil. Cruthaithe ag Marissa Carter, bean óg atá tar éis táirge nuálach ar phraghas réasúnta (€7.99).

Murab ionann agus donnú bréige eile, ní gá é seo a fhágáil ort thar oíche, brathann an méid ama a gcaitheann tú é ar an dath ar mhaith leat agus níl an boladh clúiteach sin de bhrioscaí dóite uaidh ach oiread.

Tá seo ar fáil i siopaí poitigéara agus Penneys ar fud na tíre, agus táirgí eile don chorp sa raon freisin www.cocoabrown.ie

Ógra Skincare (@ograskincare)

Ní hamháin gur táirge Éireannach é seo ach déantar an stuif seo as talamh na hÉireann.Baintear úsáid as mianraí na móna Éireannaí chun táirgí a chruthú a dhíríonn ar óige an chraicinn a chaomhnú ar bhealach nádúrtha gan cheimicí breise curtha leis.

Tá pacáistiú na dtáirgí go haoibhinn, cuma shofaisticiúil orthu, bhéidís an-oiriúnach mar bhronntanais Nollag. Taitníonn an scamhóir ach go háirithe liom ar €29.95. Tá táirgí Ógra ar fáil i siopaí poitigéara agus siopaí sláinte ar fud na tíre agus ar líne ag www.ograskincare.com

Bia Beauty (@biabeautytracey)

Meascán de bhia agus cúram cnis atá sa chomhlacht Bia Beauty. Bunaithe ar luach an bhia orgánaigh agus gach a bhaineann leo.

Bhunaigh Corcaíoch, Tracey a comhlacht tar éis di céim a bhaint amach san eolaíocht luibhe nuair a d’aithin sí an leas go bhféadfaí a bhaint as maitheas na bplandaí.

Tá an comhlacht ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é agus ar fáil i siopaí poitigéara agus siopaí sláinte go náisiúnta agus ar line: 
www.biabeauty.com

Waxperts (@waxperts)

De dheasca Carrie agus a cairde, tá mná (agus roinnt fear!) na hÉireann ag ciaradh a gcuid gruaige dá gcoirp níos minice ná riamh. D’oscail Ellen Kavanagh doirse Waxperts i nDún Laoghaire le dul i ngleic le héileamh na cathrach agus ó shin i leith tá a céir féin cruthaithe aici agus in úsáid ag sciamhlanna fud fad na tíre.

I mbliana, tá a céad táirge eisithe acu chun an craiceann a choinneáil glan ó ghruaig a bhfuil fadhbanna aici agus í ag fás ar ais. Tá an táirge seo ar fáil i mbreis is 200 sciamhlann a bhfuil céir Waxperts á húsáid acu. www.waxperts.ie

SCÉALTA EILE