Veilbhit… di & dó!
Beidh tóir uirthi an geimhreadh seo

Tá an veilbhit ar ais i bhfaisean anois le cúpla bliain anuas, í le feiceáil mar chuid d’oiriúintí ar nós seodra agus málaí láimhe.

Ach i mbliana is léir go bhfuil na dearthóirí ag éirí níos dána leis an ábhar sócúlach.

Ní amharctar ar veilbhit mar éadach mítharraingteach a thuilleadh agus tá an t-athrú sin le sonrú in éadaí an tséasúir seo.

Seo thíos roinnt bealaí chun é a chur ort!


1. Seaicéad + Sciorta

Tá an chulaith dhá phíosa seo ó Topshop dochreidte faiseanta ach ní hionann sin agus a rá nach gcaithfear bheith cróga lena chaitheamh.

An rud atá maith agus áisiúil faoi chulaith dhá phíosa ná go dtig linn an sciorta agus an seaicéad a chaitheamh leo féin.

Samhlaigh brístí géine dubha, barr dubh agus an seaicéad bán dearg veilbhit seo le chéile – simplí ach éifeachtach.

Sciorta – €57
Seaicéad – €117


2. Gúna

Tá na dathanna láidre veilbhite ar na cinn is tarraingtí agus is iadsan a fhaigheann an aird is mó, mar sin de, ná déanaigí dearmad orthu agus sibh ag roghnú feistis d’ócáidí an tséasúir seo.

Bheadh an gúna glas seo foirfe do chóisir na Nollag, agus níos fearr arís níl ach €30 air!

Boohoo – €30


3. Bróga

Cé chomh gleoite agus atá na bróga veilbhite seo?!

Caithfidh gach duine a bhfuil suim sa stíl aici na bróga seo a cheannach – ní bheith aiféala ort.

Chomh maith leis sin, mura bhfuil tú go hiomlán cinnte faoi veilbhit go fóill is dóigh dheas iad na bróga seo le tú a bhriseadh isteach!

Ní bheidh deacracht ar bith agat teacht ar bhróga veilbhite i siopaí an geimhreadh seo.

Zara – €29.95


4. Húdaí

Cuimhnigh, ní do chailíní amháin í veilbhit agus neart gasúr le feiceáil anois ag caitheamh éadaí veilbhite.

B’fhearr cloí leis na dathanna neodracha faoi láthair, a fheara, agus tá an húdaí seo ó ASOS foirfe dá leithéid.

Asos – €34.99

  • PólÓ

    Tá an sciorta bándearg sin foirfe don gheimhreadh.