‘Tá an chaint deacair don té atá as cleachtadh’

Creid é nó ná creid ach ní raibh mise i gcónaí chomh cool agus atá mé anois. Roimh aimsir na dianghlasála ba dhuine réasúnta ciúin mé a choinnigh sách dúnta isteach ann féin. Ní raibh mórán fonn orm dul amach rómhinic, nó is dóigh gur cirte a rá nár airigh mé uaim oícheanta amuigh dá dtiocfadh rud éicint eile salach air. Bhí mé chomh sásta céanna asam féin agus a bhí i measc cairde agus mar sin ní dhearna mé mórán iarrachta castáil le daoine nua ná níor chuir mé mé féin sna cineál áiteacha a bhféadfainn castáil ar dhaoine nua.

Ach mar a deir an saoi Joni Mitchell san amhrán ‘Big Yellow Taxi’:

Don’t it always seem to go that you don’t know what you got till it’s gone?”

Agus tá a fhios againn uilig go raibh an saol sóisialta “gone” sách fada. (Nach breá Conamaraíoch an abairt í sin?)

Faoin am ar thosaigh mé ag éirí tinn tuirseach de mo chomhluadar féin (an gcreidfeá go bhféadfadh duine ar bith a bheith tuirseach díomsa?) thug mé faoi deara go raibh cairdeas agus comhluadar i bhfad níos tábhachtaí dom ná mar a cheap mé cheana.

Gheall mé (Terms and Conditions apply) an uair sin nach ligfinn amú deis ar bith eile a ghabháil amach ná castáil le daoine, agus nach mbeinn i mo chadhan aontraic go brách na beatha.

Mar sin d’imigh sin agus tháinig seo agus idir oícheanta leis an gCumann Gaelach agus seisiúin thiar sa mbaile, ní raibh mé as láthair rómhinic. Bhí dhá bhliain caite i ngéibheann agam agus ba chuma rang ná ceacht, aiste ná tuairisc bhí Domhnall ag gabháil a chuid sciathán a shíneadh faoi dheireadh thiar thall. (20 bliain níos déanaí ná an chuid is mó daoine ach is fearr go mall ná go brách).

Thóg sé tamaillín a ghabháil i gcleachtadh ar a bheith sóisialta agus gan a bheith go hiomlán tuathal ag caint le daoine, agus tá mé cinnte go mbíonn corrchomhrá agam fós a mbíonn an duine eile ag rá leo féin:

“Meastú ar labhair an créatúr seo le duine ar bith riamh ina shaol?”

Tá an chaint deacair don té atá as cleachtadh agus ní furasta an rud misneach a thógáil sa té atá ar a bheagán siúd ach an oiread. Ach buíochas le Mac dílis Dé níl mé i mo loner iomlán níos mó.

Bhí sé de phribhléid agam le tamaillín beag anuas freastal ar chorrócáid siamsaíochta thart timpeall na tíre. Chas mé ar an oiread daoine nua agus grá mo chroí chuile dhuine acu. Daoine chomh cairdiúil a raibh an oiread craic ag baint leo. Agus nach iontach gur féidir liom a rá gurbh iad lucht labhartha na Gaeilge a bhí i mo chuideachta?

Mar a deir leaids as Corcaigh ar chuir mé aithne orthu thíos i gCiarraí an lá cheanna (ag magadh faoi Ghaeilge Chonamara ar ndóigh):

“Tá sé mighty!”

Ní cheapfainn go ndéanann mé an oiread gáire in áit ar bith agus a dhéanaim nuair atá mé i measc comhluadar Gaelach.

Níor scríobh mé rud ar bith anseo le tamaillín ach méadaíonn sé mo chroí an oiread is gur shíl mé gurbh fhiú é a luaigh. Ní thuigfidh mé go brách an té a deir nach bhfuil fiúntas ar bith leis an nGaeilge mar tá an saol iomlán eile seo againn nach dtuigeann an chuid eile den tír, an chuid eile den domhan, agus tá rud amháin a aontaíonn agus a nascann lucht craice (Breathnaigh sa bhfoclóir. Tá ginideach ar an bhfocal “craic”) na tíre seo lena chéile.

Gura fada buan na Gaeil!

SCÉALTA EILE