‘Tá an ghlúin seo níos tuisceanaí ar dhearcadh a chéile ná na glúnta a d’imigh romhainn’

Bhí mé féin agus mo chol ceathrar ag caint lena chéile inniu agus níl a fhios agam cén chaoi (bhuel, tá a fhios i ndáiríre ach cur amú ama a bheadh ann é a scríobh mar níl baint aige sin lena bhfuil á rá agam) ach thosaigh muid ag caint ar ábhar a bhí réasúnta báite sa bpolaitíocht agus a bheadh i gcroílár an “Chogaidh Chultúrtha”, mar a thugtar air anseo. (Fágfaidh mé fútsa a roghnú cén taobh den “chogadh” ar a raibh an bheirt againn ach ní raibh muid go hiomlán ar an bhfoireann chéanna).

Iontach! Comhrá idir beirt nach n-aontaíonn le chéile. An t-aon chineál comhrá ar fiú caint air i ndáiríre (cuireann comhráite ina bhfuil chuile dhuine ag rá “nach muid atá chomh cliste” mar go n-aontaíonn siad le chéile soir mé amannta). 

Tá seans anseo le smaointe difriúla a leagan in aice a chéile, plé a dhéanamh orthu agus imeacht ón gcomhrá le tuiscint ar léargas duine éicint eile ar an saol seo. Ní gá go gcuirfeadh seisean rud ar bith ina luí ormsa ná go n-athródh mise a intinn sin ach an oiread ach dúshlán a chéile a thabhairt mar cheistniú sláintiúil ar do mheon féin.

Bhí comhrá againn agus bhí an bheirt againn ag labhairt ach bhí an bheirt againn ag éisteacht freisin. Tá cúpla ceann de na cineálacha sin comhráite déanta agam le daoine difriúla anseo idir ghaolta is chairde agus tá rud cineál suimiúil tugtha faoi deara agam. 

Feictear domsa go bhfuil mo ghlúinse i bhfad níos sásta éisteacht agus glacadh le dearcadh eile gan a bheith trodach ná cosantach faoi ná mar atá tugtha faoi deara agam leis an nglúin a tháinig romhainn.

Anois sula ndéarfaidh mé focal ar bith eile lig cead dom mé féin a tharraingt amach as an bpoll a chart mé dom féin díreach ansin. Ní hiad chuile dhuine de ghlúin mo chuid tuismitheoirí a bhíonn mar sin ná ní hiad chuile dhuine de mo ghlúinse a bheadh chomh toilteanach ach gur rud é seo a thug mé faoi deara go ginearálta. 

Chomh maith leis sin, is saoránach mé den idirlíon mar sin tuigim cén áit a mbíonn na comhráite is measa riamh. Is ghnáth-chomhráite, aghaidh ar aghaidh idir grúpaí beaga daoine atá i gceist agam.

Ar aon chuma feictear dom nuair a bhíonn díospóireacht agam le daoine níos sine ná mé gur mó de chomórtas béiceachta atá ann agus seachas ligeann cead do dhuine pointe a chríochnú agus beagán feola a chur ar chreatlach a ndearcaidh. An soicind a chloiseann siad focal nó smid beag ar bith nach n-aontaíonn siad leis béiceann siad a ndearcadh féin ar ais i do smut agus sin deireadh leis. Gan trácht ar an: “níl saol chomh fada caite agatsa agus atá agamsa mar sin níl a fhios agatsa tada”. B’fhéidir nach bhfuil a fhios agam chuile shórt ach ní hin le rá nach bhfuil a fhios agam rud ar bith. 

Ansin labhróidh mé le col ceathracha nó cairde ag an obair faoi rudaí, agus cuimhnigh nach n-aontaíonn muid lena chéile ar go leor rudaí, bíodh sé ar chúrsaí polaitíochta anseo nó cúrsaí creidimh sa mbaile, ach tabharfar cluais don mhéid atá le rá ag duine agus má tá bréagnú le tabhairt tabharfar é ach ní dhéantar an oiread de scéal Chailleach an Uafáis faoin gcaoi nach bhfuil an dearcadh céanna againn. Is minic a gcríochnaíonn muid comhrá ag rá “bhí an comhrá sin really go maith”.

Tá teoiric san eolaíocht shóisialta a deir go mbíonn daoine sách sáinnithe ina gcuid tuairimí faoin saol th’éis a gcuid fichidí agus b’fhéidir go bhfuil baint aige sin leis ach tá seans chomh maith céanna ann go bhfuil athrú cultúrtha ag teacht sa gcaoi ina ndéileálann muid lena chéile. 

Níl a fhios agam. Céard a cheapfá?

SCÉALTA EILE