‘Tá an saol ina cheart arís agus mé féin ar mhuin na muice’

Buíochas mór le Mac dílis Dé. Tá mé ar ais i measc daoine arís.  Tá coicís caite agam ar ais ag an ollscoil agus tá sé thar barr! 

Tá mé ag feiceáil daoine, ag caint le daoine, ag ól le daoine, ag obair le daoine, ag gáire le daoine.

Níl mé ag éirí as an leaba le taisteal cúig troigh go dtí an deasc i mo sheomra. Tá mé ag éirí as an leaba agus ag cur caife i gcupán taistil le tabhairt liom sa gcarr, ag cur ceol tire ag casadh ar Spotify trí chóras fuaime an chairr, ag cur an carr i ngiar, ag éirí den chrág, ag cur cois le talamh agus ag taisteal isteach in áit a bhfuil mé in ann suí i seomra le daoine atá ar comhaois liom agus ag foghlaim rudaí ó dhuine atá ina seasamh os ár gcomhair amach.

Ní bhuailfeadh tada é seo, a leaids!

Tá mé ag cur aithne cheart ar dhaoine a raibh cineál leathaithne againn ar a chéile óna bheith ag déanamh tionscnaimh ranga agus saotharlainne le chéile sa gcéad bhliain.

Tá leaid amháin ann agus bail ó dhia air tá sé in ann caint. Má tá fírinne ar bith sa ”gift of the geab” tá sé ag an bhfear seo. Rud atá iontach domsa agus don bheirt eile a raibh mé cairdiúil leo ón gcéad bhliain mar tá an triúr againn réasúnta ciúin. Ach tharraingeodh an leaid eile seo caint as carraig, cheapfainn.

Tá imeachtaí á reáchtáil arís ag an gCumann Gaelach. Leithscéal le gabháil ag ól chuile sheachtain (is maith ann Club Áras na nGael) ach seans an-mhaith ag an am céanna do dhuine nach bhfuil ag déanamh staidéir ar an nGaeilge castáil le Gaeilgeoirí (do mhuintir Chonamara: sin duine ar bith a bhfuil Gaeilge aige, ní hamháin duine a théann chuig coláiste samhraidh) eile sa gcoláiste. An bhfuil a fhios agat go raibh mo chéad phionta Guinness le beagnach dhá bhliain agam an lá cheanna. Bhí sé blasta. Shoutout don Chumann, a leaids is diabhaltaí an dream sibh agus go mba fada buan sibh.

Rud amháin atá tugtha faoi deara agam ná go dtaitneodh liom bogadh amach as an teach agus lóistín a fháil gar don choláiste. Bheadh beagán neamhspleáchais go maith dom mar dhuine “fásta”. Faraor mar is léir dúinn uilig níl lóistín ar bith le fáil. Ach fiú dá mbeadh d’aireodh mé go dona ag tógáil lóistín mar go bhfuil an oiread daoine eile as an gcuid eile den tír agus as an gcuid eile den domhan atá d’uireasa lóistín don scoilbhliain agus gan mise ach leathuair sa gcarr ón áit. Ní bheadh sé féaráilte agam é a thógáil i ndáiríre.

Seachas sin, a dhaoine uaisle, tá Domhnall ar mhuin na muice (níor thriáil mé a ghabháil ag marcaíocht ar mhuic riamh ach chaithfeadh sé go bhfuil an-chraic leis más fíor don leagan cainte sin) tá rudaí mar a bhí i ndáiríre agus tá mé ag súil go mór leis an gcuid eile den bhliain. 

SCÉALTA EILE