Bliain is an lá Dé Sathairn bhí mo chara agus a chailín (a raibh mé cairdiúil léi ach nach raibh aithne chomh maith céanna agam uirthi) ar a mbealach abhaile ó thuras a rinne siad trasna Mheiriceá ar fad sa gcarr nuair a tháinig leoraí trasna ón taobh eile den mhótarbhealach agus bhuail fúthu.
Bhí mé féin agus a chuid deartháireacha ag an obair an lá sin agus ní raibh a fhios againn cén fáth ach bhí drochphian i mbolg leathchúpla an té a cailleadh an mhaidin sin uilig. Anois níl a fhios agam an gcreidim ann i ndáiríre ach deirtear go mbíonn nasc mar sin ann i gcúpla.
Ar aon chuma fuair mé an scéala an tráthnóna sin ón deartháir is sine (an deartháir is mó a bhfuil mé cairdiúil leis) agus is cuimhneach liom a bheith i mo sheasamh sa gcistineach agus gan mé in ann ciall cheart a dhéanamh den scéal, gan mé in ann caoineadh ach an rud is mó gan a fhios agam céard a bhí mé ceaptha a rá le mo mhéit a bhí díreach théis a dheartháir a chailleadh.
Céard sa diabhal a déarfadh duine sa gcás sin?
Chuaigh mé féin chuig an séipéal ansin le mo phaidrín agus chaoin agus chaoin mé agus as sin tigh m’uncail (a raibh muid uilig ag obair dó) le tuilleadh caoineacháin a dhéanamh.
Mar gheall go raibh mo chara, Cole, bliain níos óige ná mé, cineál ag magadh leis dhéarfainn “maith buachaill” aon uair a gheobhadh sé uirlis dom as an traelaeir nó dá mbeadh sé ag brú barra nó rud éicint agus dhéanfadh sé gáire agus dhéarfadh sé “my buckle” ar ais liom. Mar sin ar chúl ceann de na trucailí oibre s’againn féin chuir mo chol cearthar ainm Chole, dáta breithe agus dáta báis agus “maith buachaill” (theastaigh mo chabhair leis an gceann sin).
Tá bliain imithe tharainn, agus bhailigh os cionn céad duine ar an trá Dé Sathairn in ómós dóibh. Scaoileadh le coilm agus ansin chuaigh cuid againn amach san uisce ar chláracha le bláthanna inár mbéal agus bhí searmanas againn mar a dhéantar in Haváí agus i measc surfálaithe ar fud an domhain.
Bhailigh muid i gciorcal san uisce, dúirt mo uncail paidir agus chaith muid na bláthanna i lár an chiorcail agus bhuail muid dromchla na farraige cúpla uair agus ansin chuaigh muid isteach i dtreo na talún arís. Bhí sé go hálainn.
Bhí mé ag an Aifreann ansin maidin Dé Domhnaigh agus théis dom an comaoineach a fháil shuigh mé síos agus i measc paidreacha eile d’iarr mé ar Dhia a inseacht do Chole agus Sadi go bhfuil grá agam dóibh.
Théis don cheol stopadh, is maith leis an athair Damien (as Contae an Dúin, an-sagart) scaitheamh beag ciúnais a thabhairt dúinn. Thosaigh mo chliabhrach ag líonadh leis an bhfuinneamh seo ag buzzáil tríom. D’airigh mé grá mór millteach ag pléascadh trí mo cholainn uilig agus bhí a fhios agam gurbh in mo chairde ag inseacht dom gur chuala siad mo phaidir.
Ceacht atá foghlamtha agam ach nach bhfuil déanta agam, faraor, ná go bhfuil an saol róghearr le caitheamh d’éagmais na ndaoine a bhfuil grá agat dóibh. Má tá duine i do shaol a bhfuil grá agat dóibh ach a raibh troid agat leo nó díreach mura bhfuil siad feicthe agat le tamall, cuir téacs, cuir glaoch, déan rud éicint. Más troid a bhí ann cneasaigh an cairdeas, má bhíonn sibh róghnóthach cuir uair a chloig nó dhó ar leataobh mar níl a fhios agat cén uair é an uair dheireadh a bhfeicfidh tú duine.
Más duine atá ann atá tábhachtach i do shaol caith an oiread ama agus is féidir leat ina dtimpeall. Tá mé chomh buíoch gur éirigh liom féin chuile lá ar feadh dhá shamhradh a chaitheamh le Cole.
Beannacht Dé le hanamacha na marbh ar fad.