‘Tá an tír seo ina céas don té atá fillte ón imirce’

Fan go gcloisfidh tú an hot take seo.

Tá an tír seo ina céas.

Tá mo dheirfiúr théis filleadh go hÉirinn faoi dheireadh thiar thall théis di cúig bliana a chaitheamh ag maireachtáil idir Aotearoa agus “so-called Australia” mar a deir siad. Ar an gcéad dul síos, nuair a bhog sí anonn ann ar dtús, chuir rialtas na hÉireann iallach uirthi fáil réidh lena ceadúnas tiomána Éireannach dá mbeadh sí ag iarraidh ceadúnas a fháil in sna tíortha eile sin (ceann de fhíor bheagán tíortha a chuireann iallach ar dhuine é sin a dhéanamh) agus caithfidh sí cuir isteach ar cheadúnas nua (níl gá le hathscrúdú ach fós féin…) agus fanacht go dtiocfaidh sé sa bposta sular féidir léi tosaí ag tiomáint anseo arís.

Ach má dhéanann sí an méid sin féin caithfear árachas a chur ar charr éicint. Beidh sí ag glacadh seilbhe ar sheanveain le deaide le gur féidir léi veain champála a dhéanamh de. Ach mar gheall gur féidir leis an veain naoi suíochán a thógáil ní fhéadfaí árachas príobháideach a chur air.

Naoi suíochán? Nach in mionbhus, you silly goose! (Cé gur theastaigh naoi suíochán ó mo dheaide tráth a raibh seachtar gasúr faoi aois tiomána aige). Ní fhéadfadh duine ar bith úsáid phríobháideach a bheith acu do veain a bhfuil naoi suíochán ann. (Cé go bhfuil sé i gceist aici sé shuíochán a bhaint amach as ar aon nós). Nach í an óinseach í a cheapadh go bhféadfadh sí tiomáint nuair a thiocfadh sí abhaile óna bheith ar imirce.

Agus cén fáth a gcaithfidh sí turas a dhéanamh chuig an NDLS le ceadúnas nua a fháil agus a ghabháil ag troid le comhlachtaí árachais le i bhfad an iomarca a íoc ar árachas don veain mar nach bhfuil No Claims aici ó tharla nár choinnigh sí árachas íoctha agus í imithe as an tír? Mar gheall gurb é an léargas atá ag rialtas na hÉireann ná gur uirthi féin atá an locht gur imigh sí agus ó tharla gur fhág sí an tír seo caithfidh sé go bhfuil pócaí lán le dollars aici atá sí in ann a chaitheamh ar thír atá ródhaor le maireachtáil ann le gur féidir leosan aire a thabhairt do na boic mhóra. (Mar cinnte níl leathphingin rua fágtha ag duine ar bith a d’fhan sa tír).

Tá scéal an chairr sách fada ach caithfidh sí bogadh ar ais abhaile anois, teach a mbeidh dáréag scoláirí Gaeilge ag maireachtáil ann ar feadh an tsamhraidh, mar gheall tomhais céard a rinne an rialtas s’againne le os cionn deich mbliana anuas…

Ding ding ding! Tá an ceart ar fad agat! Chuir siad fáilte mhór roimh charnáin mhóra airgid as tíortha eile a cheannódh na tithe uilig agus sheas siad le tiarnaí talún na tíre seo le go bhféadfadh siad uilig gnáthmhuintir na tíre a fháisceadh agus a bhleán de chuile phingin atá acu. Mar má bhí dream ar bith riamh nár caitheadh go maith leo is iad na tiarnaí talún an díol trua is mó a bhí riamh ann agus nach maith iad rialtas na tíre as ucht an fód a sheasamh dóibh.

Níl lóistín ar bith le fáil agus má tá, tá sé damanta daor.

Fiú amháin mé féin. Níl mise ag cónaí i gcathair fiú agus tá mo chuid cíosa níos airde ná mar a bhí mo chol ceathrar ag íoc i gcathair Luimnigh cúpla bliain ó shin. Agus ó tharla go bhfuil mé bogtha amach faoi dheireadh thiar thall, nuair a bheidh mo chuid taithí oibre críochnaithe agam agus mé ag tabhairt aghaidh ar bhliain eile ollscolaíochta, níl a fhios agam an bhfuil mé réidh le bogadh ar ais abhaile go lánaimseartha ach seans nach mbeidh an dara rogha agam.

Cén t-ionadh go bhfuil an tóir chéanna ar an mbád bán agus a bhí riamh.

SCÉALTA EILE