‘Tá cead bothántaíochta ag Fungie pé diabhal áit is maith leis’

Bíonn an ghráin ag daoine air, nó ceann éigin, bíonn ana-chion acu air. Cé hé? Fungie! Deilf cháiliúil an Daingin, atá os cionn dhá bhliain déag ar fhichid d’aois.

An chúis go ndeirim go bhfuil an ghráin ag daoine air ná go gceapann daoine nach ann don bhfear bocht in aon chor. Ach is ann dó. Tá sé feiscithe agamsa ualach babhtaí! 

An samhradh seo, chuas amach chuige agus bhí sé ag poc-léimnigh timpeall, mar is dual do, dos na sluaite, lá i ndiaidh lae.

Ach ná chuaigh sé ar iarraidh cúpla seachtain ó shin. Ní fhacthas é ar feadh os cionn cheithre uair a chloig sa chuan agus éinne a chuaigh amach sna báid chun é a fheiscint, ní chaitheadar aon phingin a íoc mar ná raibh aon radharc air. Ní cuimhin le formhór na mbádóirí é a bheith imithe óna radharc chomh fada sin riamh, a dúradar liom.

Chuas chun cainte le bádóir amháin, atá ag breith daoine amach go Fungi ar feadh níos mó ná leath a shaoil, Jimmy Flannery, agus d’fhiafraíos de an mbeadh aon chuimhneamh acu riamh, mar bhuíon bádóirí a bhíonn ag braith ar an ndeilf chun bia a chur ar an mbord, fearas aimsithe a chur air. 

N’fhéadfadh an bádóir mé a chreidiúint, go gcuirfinn a leithéid de cheist.

Ní chuirfí a leithéid d’fhearas go deo air, a dúirt Jimmy, mar gur ainmhí fiáin é, agus go bhfuil cead bothántaíochta aige pé diabhal áit is maith leis. Bheifí á chuardach i gcoinne a thola dá mbeadh báid lán turasóirí á lorg chun dul i mbun cleasaíochta, agus gan aon fhonn air chuige sin dá mbeadh an fearas aimsithe air, dar le Jimmy.

Chuasa amach ag snámh sa chuan le dream san Aibreán, d’fhonn is go dtiocfadh Fungie chugainn, mar bhí aithne aige ar bhean a bhí ag snámh liom, dar léi. Bhuail sé sa phus í lena ghoibín babhta amháin nuair a bhí sí amuigh ag snámh, a dúirt sí, agus d’fhág sé súil dhubh aici! Bhí daoine á ceistiú “Cá bhfuairis an tsúil dhubh?” “Eh, ó Fungie”, a deireadh sí!

I gcuntais Dé, an lá úd san Aibreán ghabh sé chugainn agus é chomh cóngarach dúinn, agus é chomh mór, chomh fada agus bús faoi ag snámh. Bhíos sceimhlithe agus ar mhuin na muice ag an am céanna.

Ba dhóigh leat go raibh meangadh gáire ar a adhaighín. Éinne a deir nach ann dó, tabharfadsa amach iad chuige, agus bídis ag caint. 

Ná bígí ag caitheamh anuas ar an bhfeairín bocht (feairín atá 250kg agus ceithre mhéadar ar fad)! Nuair a chaillfear é, agus Dia idir sinn agus an t-olc, caithfidh lá náisiúnta mairgní a bheith againn. Is breá le m’chroí é.

SCÉALTA EILE