Tá dóchas ag muintir Dhoire maidir lenár dtodhchaí féin

Tá mé cinnte go bhfuil a fhios agaibh faoin am seo go raibh giota trioblóide i nDoire an mhí seo. Pléascadh cúpla buama i lár an bhaile, goideadh cúpla carr agus tá achan nduine míshásta faoi. 

Ní thuigim cén dóigh nach bhfeiceann na daoine seo a chothaíonn an trioblóid nach é seo atá ó mhuintir Dhoire agus nach bhfuil sé ag déanamh dochar do dhuine ar bith ach do mhuintir na cathrach iad féin. Is léir gur cuma le rialtas na Breataine fúinne sna Sé Chontae, mar sin cad chuige a chuirfeadh sé isteach ná amach orthu má tá troideanna agus teannas ann?

As siocair gur i nGaillimh atá mé féin lonnaithe anois agus nach raibh mé sa bhaile ó shin, níl a fhios agam cad é mar a mhothaíonn sé a bheith i nDoire faoi láthair ach bhí mé ag dúil go gcuirfeadh mo mhamaí ar an eolas mé. 

Mar sin d’fhan mé go scríobhfadh sí chugam a rá gur scaoileadh abhaile luath ón obair an lá sin í nó nach raibh sí in ann dul chuig teach m’uncail nó rud éigin le insint dom go raibh rudaí go dona agus gur chuir sé seo isteach ar a saol ar dhóigh éigin. Níor chuala mé a dhath. Mar sin chuaigh mé ar Facebook agus Twitter ar lorg gearáin faoi na hamadáin seo agus a rá gur sé isteach orthu ach, arís, ní raibh mórán ann.

Choinnigh mé orm ag coinneal súil ar chúrsaí sa bhaile mar ar ndóigh bhí mé iontach buartha faoi rudaí agus mo theaghlach is mo chairde ach bhí rudaí ciúin go leor ó thaobh daoine ag gearán faoi. 

Ach ansin, tháinig an sneachta agus nach raibh a fhios agam faoi sin láithreach bonn? Bhí achan mac máthar ar na meáin shóisialta ag caint faoin sneachta agus scríobh mo mháthair féin agam faoi thrí in aon lá amháin mar gheall air! 

Ba é an chead rud a rith liom nuair a chonaic mé seo ná go raibh éad orm nach raibh mé ann don sneachta ach ansin d’éirigh mé iontach bródúil as ár gcathair bheag chraiceáilte.

Chinn muintir Dhoire nach raibh siad ag dul aird ar bith a thabhairt do na drochrudaí agus go ndéanfadh siad ceiliúradh ar na rudaí maithe a tháinig in áit (anois chonaic mé roinnt daoine ag gearán faoin sneachta ach níl ionainn ach daoine daonna!) 

Ní dóigh liom go bhfuil mórán dóchais ann don chathair faoi láthair ó thaobh na Breatimeachta de ach níl aon easpa dóchais ar mhuintir na cathrach maidir lenár dtodhchaí féin. Is daoine iontacha muid agus is í Doire an chathair is deise ar domhan (blocálfaidh mé thú má deir tú a mhalairt) mar sin tiocfaidh muid amach ar an taobh eile níos láidre agus níos áille ná mar a bhí riamh. 

SCÉALTA EILE