Tá faillí shíceolaíoch déanta againn ar an dream óg

Le deireanaí, bhí mé sa bhfoirgneamh céanna le scoláirí Ardteistiméireachta a bhí ar tí Tástáil Iontrála na nGairmeacha Sláinte a dhéanamh. Seans maith gurbh é seo an chéad mhórscrúdú acu sa saol, agus thuigfeá dóibh as bheith neirbhíseach.

Bhí drochbhail ar chuid acu, iad i ngreim a chéile ar an mbealach isteach, a n-éadan geal le faitíos. Bhí tuismitheoirí ann chomh maith. An pasáiste beag, cúng pacáilte acu, greim an fhir bháite acu ar a bpáistí. Chuala mé duine de na feitheoirí ag impí ar dhaoine nach raibh le dul isteach sa scrúdú imeacht mar go raibh siad faoi bhrú ag iarraidh daoine a phróiseáil. Chuala mé níos mó ná tuismitheoir amháin ag lorg ceada siúl lena gcuid páistí chomh fada leis an deasc, “chun iad a chur ar a suaimhneas,” a dúradh.

Tá sibh féin in ann an freagra a fuair siad a shamhlú! Tharla sé go raibh mé ann arís nuair a bhí na scloláirí ag teacht amach. Chuir sé seomra ranga in sna naíonáin i gcuimhne dom. Bhí grúpa mór tuismitheoirí ag seasamh taobh amuigh den phríomhdhoras, ag fanacht orthu. Tá sé sin togha nuair atá páiste cúig bliana le bailiú. Bhí na scoláirí seo seacht mbliana déag d’aois, ar a laghad. Cén chaoi a bhféadfadh muid a bheith ag súil go mbeadh ceachtar acu in ann don dochtúireacht agus gan iad ábalta don chéad léim ar an ráschúrsa?

Leathchéad bliain ó shin, bheadh an chuid is mó acu gaibhte ar imirce go Londain. Níl mé ag rá go raibh sé sin ceart ach oiread, ach, ag breathnú ar thuismitheoirí ag tabhairt barróg do scoláirí a bhí ag caoineadh mar gheall ar an strus a bhí orthu, bhí mé ag rá liom féin go raibh muid gaibhte rófhada sa treo eile. Tá faillí shíceolaíoch déanta againn ar an dream óg.

Íorónta go maith, leis an aimsir atá faighte againn, ‘plúiríní sneachta’ atá á thabhairt ar an nglúin seo. Bog, goilliúnach, a gcuid pócaí lán le boinn as ucht páirt a ghlacadh in imeacht éigin. Níl aon teacht aniar iontu. Gortaíonn chuile shórt iad. Creidim go bhfuil sé iontu a bheith láidir, dá dtabharfaí deis eitilte dóibh. Is iad an ghlúin seo atá glórach in aghaidh seilbh gunnaí, athrú aeráide agus an chórais reatha polaitíochta. Tá ciall lena gcuid smaointeoireachta faoin domhan, ach níl siad ullmhaithe beag ná mór don saol.

Muidne a chruthaigh na plúiríní sneachta seo, os a gcionn mar a bheadh héileacaptar, á gcosaint ó aon rud a chuirfeadh isteach orthu. Is gearr go mbeidh siad ag dul amach sa saol, agus gan aon chinnteacht acu an mbeidh post seasmhach acu, ná an mbeidh siad in acmhainn teach a cheannacht.

In easnamh chomh maith, tá insliú an chraicinn oinniúin a d’fhás thart timpeall orainne gach uair a diúltaíodh rud éigin orainn, nó an fhoghlaim a rinne muid gach uair nár éirigh linn. In iarrachtaí na dtuismitheoirí an ghlúin seo a choinneáil sábháilte agus slán, ceileadh gach díomá agus deacracht orthu. Is iad na sclaigeanna sa mbóthar a chothaíonn carachtar. Ná cuir an milleán ar na plúiríní sneachta, ach ar an nglúin a thóig iad.

SCÉALTA EILE