Tá lucha á ndéanamh trédhearcach ag eolaithe agus púdar oráiste is cúis leis

An bhfuil ré an mheaisín x-ghathaithe thart? An malartófar na seomraí MRI ar Stórais Tartraisín sna hotharlanna? Is cosúil go bhfuil teicneolaíocht an domhain eolaíochta á cur trína chéile ag an ruaim bhia oráiste ó foilsíodh taighde nua san irisleabhar Science ag tús na míosa seo. Is é tartraisín a thugann an dath oráiste cáiliúil do tháirgí amhail deochanna súilíneacha agus brioscáin phrátaí.

Trí thurgnamh a dhéanamh ar lucha leis an ruaim seo, d’fhoghlaim foireann an taighde go ndéanann tartraisín craiceann luiche beagnach go hiomlán trédhearcach mar gheall ar bhunphrionsabal fisice frithiomasach. Próiseas in-aisiompaithe agus neamhthocsaineach é seo a ligeann don tsúil lom trédhearcacht an chraicinn a fheiceáil (nó gan é a fheiceáil b’fhéidir). Is dóiche go gcuirfidh tartraisín, a dtugtar Yellow 5 air fosta, próiseas an íomháithe eolaíochta bunoscionn.

Bhí eolaithe in ann orgáin luiche a fheiceáil trí bholg an ainmhí gan an craiceann a ghearradh. D’úsáid siad an modh céanna chun fuileadáin sa bhlaosc a fheiceáil, chomh maith le fíocháin matáin a fheiceáil go soiléir le micreascóp. D’fhéadfadh an modh seo tionchar dearfach a imirt ar straitéisí diagnóiseacha míochaine agus ar chóireálacha má dhéantar tuilleadh taighde ar a shábháilteacht agus éifeachtúlacht.

I instantly looked at it and went, ‘My God, this is revolutionary,’” arsa Christopher Rowlands, léachtóir sinsearach agus taighdeoir bithfhótónaice ag Imperial College, Londain. Níor ghlac Rowlands féin páirt sa staidéar ach scríobh sé alt ar an taighde i ndiaidh dó athbhreithniú a dhéanamh ar na torthaí. “The most advanced current optical imaging techniques might allow a scientist to see a couple of millimeters into live tissue, but the new method could make detail more than a centimeter deep visible to the naked eye,” a dúirt Rowlands.

Go bunúsach, má chuimlítear tuaslagán tartraisín ar chraiceann luiche gan fionnadh, déantar an craiceann trédhearcach. Nuair a bhaintear an ruaim, imíonn an trédhearcacht.

Biological tissues, like skin, are usually not see-through because light gets scattered as it passes through them,” a dúirt Guosong Hong, comhúdar sinsearach an staidéir agus bithinnealtóir ag Ollscoil Stanford. Athraíonn an ruaim tartraisín innéacs athraonta uisce mar gheall ar a hionsú cumhachtach tonnfhaid ghorma, ag déanamh uisce níos cosúla le saill. Mar thoradh air seo, bíonn sé níos fusa ag fótón dul tríd an chraiceann amhail is go bhfuil an fíochán aonchineálach. Ní phreabann an fótón chomh minic céanna, ag laghdú an ionsú solais agus, ar deireadh, ag soilsiú taobh istigh den luch.

Ní fhéadfadh luch iomlán a dhéanamh dofheicthe leis an ruaim, ná taobh istigh de bholg duine a fheiceáil ach oireadh. Ní théann tartraisín ach chomh domhain nuair a chuirtear ar fhíochán é, mar sin de ní bheidh sé chomh húsáideach céanna ar chraiceann níos tibhe. B’éigean d’eolaithe straitéis soláthair dhírithe a phlé dá mbeadh siad ag iarraidh an ruaim a úsáid le haghaidh íomháithe. Agus cé nach raibh údar imní le fáil sna measúnuithe tocsaineachta go dtí seo, ní hé sin le rá nach mbeadh drochthionchar ag ró-úsáid na ruaime ar an chraiceann.

Más sábháilte an ruaim Yellow 5, d’fhéadfadh uachtair logánta a dhéanamh do dhaoine ar mhaithe le haimsiú ailse craicinn, leis an phróiseas tógála fola a dhéanamh níos compordaí, nó baint tatúnna a dhéanamh níos gasta.

Cheap achan duine gur na meacáin dhearga a chuireann feabhas ar amharc na súl sa dorchadas, ach na Doritos atá dár ndéanamh trédhearcach!

SCÉALTA EILE