Tá ‘mamaí oibre’ agam…

Tosaigh mé post nua cúpla seachtain ó shin agus tá bean amháin ann a bhíonn do mo mhamaí-eáil (.i. is í mo mhamaí oibre í) agus bíonn sí i gcónaí ag gearán liom mar gheall nach gcaithim clogad agus mé ag rothaíocht. Tá a fhios agam — ‘ba chóir dom ceann a chaitheamh agus tá aithne agat ar dhuine atá go fóill beo anois mar gheall gur shábháil a chlogad é’. Tá sé ar fad cluinste agam. 

Beidh tú sásta, mar sin, nuair a deirim leat go raibh clogad ar mo cheann agus mé ar mo rothar i lár na seachtaine seo. Bhí coinne dochtúra agam agus, os rud é go bhfuil mo dhochtúir lonnaithe ar an taobh eile den abhainn i nDoire Trasna, chinn mé go dtabharfainn aird don tsábháilteacht agus go gcosnóinn mo cheann. Agus bhfuil a fhios agat seo? Ní raibh sé chomh holc sin.

Mhothaigh mé go raibh an chuma orm go raibh mé ag déanamh gothaí díom féin nuair a shiúil mé isteach chuig an seomra feithimh, mar sin d’imigh mé isteach ar chúl ach b’shin é an cinneadh ab fhearr a rinne mé an lá sin go dtí sin. 

Ní amháin go raibh radharc galánta agam ar an abhainn, ar an droichead agus cuid den chathair ach bhí mé in ann amharc ar achan nduine a bhí ag fanacht le dul isteach chomh maith. Bhí le mothú sa seomra go raibh achan nduine dubh dóite de bheith ag fanacht le dul isteach agus achan uair a tháinig ainm nua ar an scáileán beag, bhí mé in ann croí achan nduine a fheiceáil ag léimt agus muid ar fad ag dúil go mbeadh ár n-ainm féin ann an uair seo. 

Bhí mé féin cinéal neirbhíseach faoi dhul isteach. Ní hé go raibh rud ar bith dáiríre i gceist ach bhí mé buartha faoi labhairt leis an dochtúir cibé ar bith agus is cinnte nach mé an t-aon duine a bhí ag cur allais leis an imní. 

Ach tugadh faoiseamh dúinn ar fad nuair a shiúil cailín beag bídeach isteach nach raibh ach thart ar bhliain d’aois agus in áit a bheith ag faire dár n-ainm, thosaigh muid ar fad ag faire uirthise. 

Baineadh a cóta dí agus rith sí díreach chuig an bhean a bhí os a comhair, ach stop sí sula ndeachaigh sí chomh fada léi, agus thiontaigh sí ar a sála ar ais chuig a mamaí. Rinne sí amhlaidh leis an fhear a bhí ar an taobh eile den seomra feithimh agus is ag an phointe seo a thosaigh muid ar fad ag gáire lena chéile. 

De réir a chéile, d’éirigh sí níos compordaí leis na strainséirí ar fad agus bhí faoiseamh le mothú sa seomra, nuair nach raibh muid ag smaoineamh faoi dhul isteach agus ar gcuid fadhbanna ar fad a phlé le strainséir eile. 

Thosaigh mé ag smaoineamh go mbeinn in ann dán maith a scríobh faoin rud a tharla, cé nach bhfuil dán scríofa agam le bliain iomlán anuas. Dúirt mé liom féin nár scríobh mé a dhath mar gheall go raibh mé chomh sásta sin leis an cheann deireanach nach mbeidh rud ar bith a scríobhaim anois chomh maith céanna agus nárbh fhiú iarracht a dhéanamh as siocair go mbeidh díomá orm. Bhí mé ar tí bréag eile a insint dom féin nuair a tháinig m’ainm aníos ar an scáileán. 

Chuaigh mé isteach chuig an dochtúir. 

“Cad é mar atá tú?” ar sí, agus thosaigh mé ag caoineadh láithreach. 

Bhí achan rud i gceart ar deireadh, tógadh fuil le tástáil a dhéanamh air agus is maith nár thosaigh mé ag caoineadh nuair a rinneadh sin. 

Bhí mé croíbhriste nach raibh mé in ann dul chuig an rang Spin an oíche sin, áfach, agus grá mo chroí a fheiceáil mar bhí eagla orm go dtitfinn i laige os a chomhar.  

Seans go mbeidh fancy aige domhsa ansin agus mé ag imirt hard to get…?

SCÉALTA EILE