‘Tá mé ag éirí as an ól go deo’

Tá caidreamh casta agam féin leis  an alcól agus bhí le fada an lá. Agus mé ar meánscoil, chonaic mé an tionchar a bhí ag an ól ar dhaoine thart orm. Bheadh daoine i mo rang ag dul amach ar na sráideanna ag ól ag an deireadh seachtaine a fhad is go raibh mé féin is mo chairde ag socrú isteach fá choinne cóisir chodlata le pizza agus milseáin. Chluineadh muid na scéalta ónár gcairde scoile maidin Luain faoi na rudaí a rinne siad ag an deireadh seachtaine agus iad ólta agus ní raibh suim agam ina leithéid. B’fhearr liomsa agus le mo chairde sleepover i gcónaí. 

Ach d’fhás mé aníos agus nuair bhí mé beagnach 17 bliain d’aois, d’ól mé mo chéad bhraon alcóil, pógadh mé den chéad uair go luath ina dhiaidh sin agus b’shin é an uair a thosaigh an t-achrann. Bhí tús curtha le deireadh mo shaoil. 

Ag magadh atá mé. 

Ó shin i leith, tá an t-alcól mar ghné measartha lárnach de mo shaol, cé nárbh fhearrde mé é. Is duine iontach imníoch mé agus is minic a bhím ag smaoineamh faoin dóigh a n-amharcann daoine eile orm agus cad a shíleann siad fúm. Mar gheall go gcaillinn smacht orm féin agus mé ag ól agus go ndéanaim rudaí nach ndéanfainn de gnáth, is minic a bhím ag dul siar ar an oíche amuigh i mo cheann an lá dár gcionn. Smaoiním go ndearna mé amadán díom féin agus go mbeidh achan nduine ag cuimhneamh ar na rudaí sin nuair a fheiceann siad mé. Níl sé iontach don mheabhairshláinte a bheith á déanamh seo ort féin, ar ndóigh, agus is minic a bhínn i bhfíor-dhrocháit ina dhiaidh dom a bheith ar na piontaí. 

Ní hamháin go mbínn ag fulaingt go hintinne ach ní thaitníonn an t-alcól le mo chorp ach an oiread. Ón chéad lá riamh bhínn de shíor ag cur amach agus póit orm. Is cuma cad a n-ólaim, vodca, jin, beoir, ceirtlis nó cibé eile, bíonn an toradh céanna leofa ar fad — mo cheann sa leithreas don lá ar fad. (Barraíocht eolais, b’fhéidir?) 

Anois agus mé ag dul in aois, tá an phóit ag éirí níos measa agus níos nimhní achan uair a n-ólaim. Ní minic anois a bhím amuigh ach nuair a bhím, tá orm dhá lá a chaitheamh sa leaba ina dhiaidh Seans nach bhfuil ann ach go bhfuil mé ag dul in aois agus nach bhfuil mé chomh láidir agus cróga leis an chuid eile agaibh ach cibé atá ann — níl mé in ann aige! 

Tá mé ag rá le fada go n-éireoidh mé an as an ól ach tá sé anois ag tarlú faoi dheireadh. Tá mé ag rá libhse anois go bhfuil mé ag éirí as an ól go deo. Is cuma an chraic a bhíonn ann ar na piontaí, ní fiú sin don nimh an lá dár gcionn. 

Sin ráite, beidh cathú mór ann an deireadh seachtaine seo agus muid i mbun cóisireachta ag an Oireachtas agus tá eagla orm nach mbeidh mé láidir go leor staonadh ón ól do cheann de na deireadh seachtainí is fearr sa bhliain. Má fheiceann sibh mé le pionta i mo lámh agam, a chairde, bígí maith dom agus ná habair a dhath — rinne mé mo dhícheall! 

SCÉALTA EILE