Tá mé fós ag treabhadh liom tríd an mBíobla, cúig chaibidil chuile oíche. Is cuma cé chomh cráifeach agus atá duine — níl an leabhar chomh tarraingteach sin nach dteastaíonn sprioc laethúil uait le cinntiú go ndéanfaidh tú dul chun cinn inti. Agus mar atá ráite agam cheana, is minic a bhíonn orm an foclóir a oscailt le tuiscint a fháil ar chuid de na focla, más focal canúnach é as ceard éicint eile nó más focal é atá imithe as úsáid.
Ní focal a bhí ann an geábh seo nach raibh feicthe agam cheana, ach focal a bhfuil aithne mhaith agam air. Ach mar sin féin is focal é ar cuimhneach liom trioblóid a bheith agam á fháil i bhfoclóirí cheana.
“Cén focal a bhí ann?” a deir tú.
‘Doitheacha’ -> ‘toothache’
Cuartaigh ‘toothache’ agus ní bhfaighfidh tú ‘doitheacha’ ná an t-uatha ‘doith’ ar chor ar bith.
Bhí mé ar a thóir, mar sin, agus chuaigh mé trí cheithre nó chúig cinn de fhoclóirí ar thóir “doitheach” mar uatha air, mar gheall gur shíl mé go mbeadh sé cosúil le “soitheach”.
Ach anois agus mé ag smaoineamh ceart orm féin níl ciall ar bith leis sin mar is é ‘soithí’ an t-iolra atá ar ‘soitheach’. Ní dheireann mé “soithí” le haghaidh ‘dishes’ ar aon chuma, deireann mé ‘gréithe’ rud nach bhfuil cloiste agam ag duine ar bith taobh amuigh de mo theaghlach féin ach atá feicthe agam sa mBíobla.
Ar aon chuma chuaigh mé i ndiaidh daoine eile le gabháil ag cuartú liom agus foclóir i ndiaidh foclóra ní raibh dé ar “doitheach”. Is beag nár chaith muid in aer an iarracht nuair a bhreathnaigh mé ar feadh dhá shoicind ar an bhfocal ‘doigh’ sa leabhar Foirisiún Focal As Gaillimh le Tomás De Bhaldraithe agus céard a bhí faoin darna brí a thug sé ar an bhfocal ach “pian fiacaile”.
Bhí againn!
Ach ó tharla gur ag caint ar thóraíocht focla i bhfoclóirí atá mé, tá focal amháin a bhfuil brí againne dó ach nach bhfuil i bhfoclóir ar bith dá bhfaca mise riamh. Agus is é an chéad rud a dhéanann mé má fhaigheann mé foclóir nua ná breathnú le feiceáil an bhfuil sé ann. (Wow a Dhomhnaill nach tú atá cool!).
‘snum’ -> ‘ear-lobe’
Sa leagan atá ag mo mhuintirse den amhrán ‘An Casaideach Bán’ tá an líne:
“’S d’at mo ghuaillí go snum mo chluasa”
Agus sin é a bhfuil againn de thagairtí don fhocal ach is focal é a d’úsáidfeadh muid. Níl foclóir ar bith dá bhfaca mise ina bhfuil an focal. Thug mo chara “focal fine” air mar ó Dhia gur againne amháin in Éirinn ar fad atá sé. Agus b’fhéidir gurbh é. B’fhéidir, ach an oiread leis na hamhráin sean-nóis agus an focal “gréithe”, gurbh é a d’fhág Deaideo againne le huachta.
Mar sin má bhuaileann an fonn thú, a chara ghaoil, gabh ar thóir an fhocail i bhfoclóirí uilig na hÉireann agus faigh snum agus scaip an dea-scéala ar fud fad na cruinne.
Nó murar focal a bhí ann riamh i ndáiríre, mura raibh ann riamh ach sinsear éicint liomsa ag cumadh focla ag iarraidh a bheith barrúil, cén mhaith stopadh anois? Coinnigh beo é agus déan focal de. Tosaigh ag úsáid ‘snum’ mar fhocal ar ‘ear-lobe’, mar céard eile atá i bhfocla ach litriú agus brí agus tá litriú tugtha agam duit agus tá brí tugtha agam duit.
Fógraím anseo inniu ar NÓS, gur focal oifigiúil é ‘snum’ ar an bpíosa beag craicinn in íochtar do chluaise.
(Níl aon údarás agamsa ar fhoclaíocht na Gaeilge ach má tá mé in ann réabhlóid a thosnú beidh mo chuid déanta agam ar son chúis mo shinsear.)