‘Tá mé chomh sásta go ndeachaigh mé sa seans ar aistear Fulbright’

Bliain ó shin, bhí rún ollmhór agam nach raibh mé in ann a roinnt le héinne seachas mo thuismitheoirí agus mo dhlúthchara. Tar éis dom deis den scoth a bhaint amach anseo in Éirinn, fuair mé glaoch ó Fulbright Ireland ag insint dom go raibh áit bainte amach agam mar FLTA chun taisteal go Meiriceá chun an Ghaeilge a mhúineadh. 

Níor chreid mé riamh go mbeadh deis mar sin agamsa. Sin rud a tharlaíonn dóibh siúd atá mór le rá i ndomhan na Gaeilge. Ach chreid Fulbright go mbeinn in ann tionchar mhaith a scaipeadh thall sna Stáit Aontaithe ar chúis éigin, rud nár chreid mé féin! Ach nuair a smaoinigh mé faoi, ní thagann deiseanna mar seo gach lá, agus bheadh sé seafóideach gan dul sa seans. 

Ba é sin an meon a bhí agam gach lá ar m’aistear Fulbright i mbliana, chun chuile deis a tháinig i mo threo a thapú agus dul sa seans. Cinnte, thóg sé tamaillín orm dul i dtaithí ar chúrsaí ollscoile agus difríochtaí i gcúrsaí maireachtála, ach nuair a shocraigh mé isteach tar éis mí nó mar sin, lean mé orm ar m’aistear nua. Tar éis dhá bhliain sa bhaile gan mórán taisteal déanta agam, bhí mé iontach sceitimíneach faoin fhírinne go raibh mé in ann áiteanna agus eispéiris nua a bhaint amach. 

Ó St. Louis, go New York, go Washington DC go Orlando, tháinig mé abhaile go Connecticut agus rudaí nua foghlamtha agam faoi na háiteanna nua seo. Bhí tuiscint níos fearr agam ar an gcultúr agus ar mhuintir na háite sna háiteanna éagsúla, tuiscint nach mbeidh agam agus mé fós in Éirinn. Bhain mé triail as bia nua, deochanna nua agus gníomhaíochtaí nua. Ní raibh mé ag iarraidh go rachainn go háiteanna nua gan scéal éigin a thabhairt ar ais liom! 

Thug an bhliain seo deis dom machnamh a dhéanamh ar go leor rudaí freisin. Níor cheap mé riamh go mbeinn compordach bheith i mo chónaí anseo i Meiriceá, toisc go dtaitníonn m’áit chónaithe i Loch Garman go mór liom. Ach, caithfidh mé a rá, seachas easpa tránna cóngarach dúinn i lár an stáit, taitníonn an ceantar seo go mór liom. Tá siúlóidí nua le haimsiú gach lá, tá radhairc áille timpeall na gcoillte agus tá ainmhithe nua timpeall na háite freisin. Táim théis beagnach deich mí a chaitheamh anseo agus táim bródúil as an gcaoi a ndeachaigh mé i dtaithí ar an saol nua seo. 

Cinnte, bhí an t-ádh dearg orm pobal Gael-Mheiriceánach den scoth a aimsiú anseo agus is aoibhinn liom an chaoi ar aimsigh mé m’ait sa phobal seo. Ach d’fhás mo chuid muiníne an méid sin i rith an tréimhse seo freisin, agus anois táim chomh sásta go ndeachaigh mé sa seans chun aistear nua a leanúint thar lear. 

Bheinn buíoch do UConn, Fulbright Ireland, an Irish American Home Society, Hartford GAA agus Cumann Gaelach CT go deo as aistear Fulbright den scoth a thabhairt dom, cé go raibh mé iontach neirbhíseach nuair a shroich mé Boston mí Lúnasa seo caite. An rud is mó a d’fhoghlaim mé ón deis seo ná deiseanna nua a thapú, ní bhíonn a fhios agat riamh céard a bheidh os do chomhair amach mura nglacfaidh tú leis an deis sin.

SCÉALTA EILE