“Tá mé iontach buíoch gurbh eisean mo dhaidí”
Físeán in ómós Harry Holland


Insíonn an físeán seo scéal Mhéibhe Holland, bean ó Bhéal Feirste a d’oscail siopa a hathar, Harry’s Torthaí agus Glasraí, in athuair, coicís i ndiaidh a bháis tragóidigh in 2007.

Is scéal é seo a chuimsíonn an chumha agus an grá, tacaíocht an phobail agus neart an teaghlaigh.

Más ar scáth a chéile a mhaireann muid, tá misneach agus cothabháil anama ann dúinn ar fad i scéal Mhéibhe chróga.