“Tá mé róghnóthach bia ceart a ithe”

Rinne mé féin agus na cailíní bliain taithí oibre anuraidh. Bhí muid amuigh sa domhan mór ag ligean orainn gur daoine fásta muid. Bhí an triúr againn scartha óna chéile don bhliain ach tháinig muid ar ais agus muid níos cóngaraí dá chéile ná mar a bhí riamh. Is cinnte gur fhás muid ar fad agus muid imithe agus gur tháinig muid ar ais go Gaillimh le taithí nua agus dearcadh difriúil ar an saol. 

Chomh maith leis sin, tháinig an bheirt acu ar ais le stócaigh bhreá ghalánta agus níor tháinig mise ar ais ach le níos mó imní shóisialta ná mar a bhí orm sular fhág mé agus leathcheann de ghruaig liath. 

Francach a mheall duine acu, agus tháinig sé ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite, den chéad uair riamh, agus caithfidh mé a rá go raibh mé neirbhíseach go leor faoi bhualadh leis ar dtús (amharc thuas faoin imní shóisialta). Níor chuidigh sé nach raibh mórán Béarla aige ach an oiread. 

Bhuail mé leis ar oíche amuigh ach níor labhair muid ar chor ar bith ansin (fecking imní arís). Ach an lá dar gcionn, brúdh an cúigear againn isteach sa charr  — an bheirt bhan, a mbuachaill agus mé féin, agus thug muid aghaidh ar Chill Airne. 

Níorbh fhada go raibh muid ag cur aithne ar a chéile agus go raibh sé ag insint dúinn faoina shaol i sléibhte na Fraince, faoina phost agus faoin dóigh ar bhuail sé lenár gcara álainn. Ni raibh Béarla iontach aige ach bhí cuimhne den scoth aige agus mhothaigh muid a chuid Béarla ag feabhsú go mór taobh istigh d’am iontach gairid. Ní hamháin sin ach bhí sé ag foghlaim na Gaeilge chomh maith agus bhí iontas agus lúcháir orainn ar fad nuair a déarfadh sé ‘tá mé iontach sásta’ agus ‘go raibh maith agat’. 

Stop muid ag siopa le bia, beoir agus Neurofen a fháil don deireadh seachtaine. Bhí muid lán-sásta le cúpla píotsa reoite agus ceapairí Tayto ach ní raibh ár gcara Francach ar aon tuairim linn. 

“Déanfaidh muid ár bpíotsa féin!” a dúirt sé agus muid ar fad ag amharc air ar nós go raibh trí chloigeann air. Cheannaigh muid an plúr agus an mozzarella ar aon nós agus chaith muid dhá phíotsa reoite isteach chomh maith — “ar eagla”. 

Bhuel, bhain muid an teach amach agus chuaigh sé i mbun cócaireachta láithreach bonn. Taobh istigh de leathuair a chloig bhí trí phíotsa san oigheann aige, fíon dearg ar oscailt agus cácaí beaga blasta de phrátaí agus oinniún ullmhaithe aige. Bhí béile galánta againn le chéile. Chuir sé iontas agus ionadh orm go raibh sé in ann é a chaitheamh le chéile chomh gasta sin agus bhí sé fíorbhlasta leis. 

Chuir seo ag smaoineamh mé faoin chaidreamh atá agam féin le bia agus an dearcadh atá ag an tír ar fad ina leith. Ní raibh mise riamh go maith le bia. Níor thaitin sé liom rudaí nua a thriail agus bhí mé i gcónaí buartha faoi bhia a ithe i dtithe mo chairde nó áit éigin eile ar eagla gur thug siad orm rud a ithe nár thaitin liom nó nár bhlais mé riamh.

Níl mórán athraithe ó shin seachas go bhfuil náire curtha ar bharr an imní mar gheall go bhfuil mé in ainm is a bheith i mo dhuine fásta faoin am seo agus bia ceart a ithe. Ach mothaím go bhfuil sé chomh furasta sin bia gasta, míshláintiúil a ithe i gcónaí agus insint duit féin go bhfuil tú róghnóthach nó róthuirseach nó ró-(cur do rogha leithscéil anseo) agus go n-íosfá bia níos fearr dá mbeadh an t-am nó an scil agat é a dhéanamh. Seo a deirimse liom féin cibé ar bith. 

Chonaic mé an Francach chomh muiníneach sin sa chistin go raibh sé sásta béile a ullmhú do thriúr nach raibh aithne rómhaith aige orthu agus nár smaoinigh sé fiú go raibh baol ann nach dtaitneoidh sé le duine againn. Ach an rud ba thábhachtaí faoin rud ar fad dósan ná go raibh muid le chéile. Bhí ceol agus craic ag baint leis an ullmhúchán agus cé gur ag réiteach béile a bhí muid, níor cuireadh an bhéim ar an bhia féin ach ar an chomhluadar agus bhí sé i bhfad níos fusa dom ansin bia a chur sa pholl i m’aghaidh agus sult a bhaint as. 

Seo gnáthchuid den lá don Fhrancach seo ach dúinne, bhí sé éagsúil go ndearna muid bia le chéile agus gur chaith muid am leis — go háirithe nuair a bhí an chóisir ag fanacht orainn sa Gleneagle. Ach d’fhoghlaim mé a lán ón Fhrancach agus is cinnte go ndéanfaidh mé iarracht mo mheon a athrú ó thaobh bia de mar gheall ar an bhéile amháin sin. 

In áit a bheith buartha i gcónaí faoi bhia a ithe agus ag déanamh iarrachta á sheachaint fríd rudaí gasta agus leadránacha a ithe, tá mé ag dul cluiche beag a dhéanamh as bia a ithe. Déanfaidh mé iarracht pléisiúr a bhaint as an eispéireas agus déanfaidh mé cinnte am a chur ar leataobh agam le tabhairt faoi gach lá agus sa dóigh sin tá súil agam go mbeidh mo chuid nósanna a athrú roimh i bhfad. Cad é an frása sin arís? “Déan, bris, léigh…?” 

SCÉALTA EILE