Tá muid ag druidim le deireadh an tseimeastair faoi dheireadh thiar thall. Tá mé críochnaithe le mo chuid léachtaí. Ní bheidh orm aon scrúdú a dhéanamh ag deireadh na míosa, buíochas le Dia, ós rud é go bhfuil mo chúrsa bunaithe ar an measúnú leanúnach den chuid is mó. Ciallaíonn sé seo go bhfuil formhór mo chuid obair ollscoile déanta agam níos luaithe sa seimeastar. Bhí cur i láthair le déanamh agam an tseachtain seo caite, chomh maith le cúpla scrúdú le roghanna do fhreagraí orthu (MCQ), agus anois níl fágtha agam le déanamh ach cúpla aiste a scríobh. Deirim cúpla aiste, ach tá siad mór fada, agus níl tús curtha leo fós!
Cé go bhfuil mé féin ag súil go mór le bheith ag fágáil slán leis na haistí agus na leáchtaí, agus ag cur tús leis an samhradh, is aisteach an rud é freisin. Mothaím an bealach céanna ag deireadh gach seimistear, ar nós go bhfuil an t-am go hiomlán sciorraithe uaim. Go tobann tá mo chuid spriocdhátaí díreach romham!
Ach an t-am seo tá mé ag súil go mór leis an bhfómhar mar gur roghnaíodh mé le dul ar Erasmus don bhliain acadúil seo chugainn. Mar sin, faoi mí Mheán Fhómhair beidh mé mo chónaí in München na Gearmáine, ag staidéar in ollscoil Ludwig-Maximillian, agus ag labhairt Gearmáinise go rialta (má dhéanann na ranganna Duolingo maitheas ar bith dom).
Beidh mé sa nGearmáin ar feadh dhá sheimistear, agus mar gheall go bhfuil na seimeastair difriúil le cinn na hÉirean, ní bheidh mé i mo chónaí sa mbaile arís go dtí mí Lúnasa 2023! Tá sé aisteach smaoineamh nach mbeidh mé ar ais ar champas OÉ na Gaillimhe arís go dtí go mbeidh mé sa bhliain dheiridh den choláiste, go háirithe ós rud é nach raibh ach bliain amháin ceart ar champas agam sa chéad áit, a bhuíochas don choróinvíreas.
Gan amhras, bhí dhá bhliain fhada againn ar fad agus muid isteach agus amach as an dianghlasáil. Mar sin, tá mé ag súil go mór leis an seans a bheith ag imeacht liom agus ag spaisteoireacht sa domhan mór. Tá an t-ádh orm mar go bhfuil an Ghearmáin suite in áit lárnach go maith san Eoraip, agus beidh mé ábalta an traein a fháil go dtí an Iodáil nó go dtí an Ísiltír gan mórán deacrachtaí. Bhí mé in ainm is bliain a thógáil amach idir an Ardteist agus an coláiste, agus bhí mé fiú ag smaoineamh ar dul ar ollscoil thar lear, san Ísiltír nó áit éigin, ach chur an coróinvíreas stop leis sin sciobtha go maith.
Dá bharr sin rinne mé an cinneadh dul díreach chuig an ollscoil anseo i nGaillimh. Sílim go bhfuil mo sheans tagtha faoi dheireadh le dul ag taistil timpeall na hEorpa! Is léir gur fiú foighne a bheith againn go léir.