Tá an deireadh tagtha faoi dheireadh. Bhí breis agus mí againn de staidéar agus scrúduithe, agus deora agus cliseadh néarógach sa lár, ach tá na scrúduithe curtha i gcríoch againn!
Buíochas. Le. Mac. Dé.
Bhí dhá scrúdú againn an tseachtain seo, ceann amháin De Céadaoin ina raibh léamhthuiscint agus ceisteanna gramadaí chomh maith le ceist ar Bhéaloideas an tSlua Sí. Mar a tharla sé, bhí an léamhthuiscint bunaithe ar alt a bhí ar NÓS anuraidh agus bhí mé ag gáire liom le linn na scrúdaithe.
Bhí scrúdú eile againn Déardaoin ar an Imirce agus ar Fhilíocht Liriciúl na Sean- agus na Méan-Ghaeilge agus bhí sé chomh holc agus a shílfeá go mbeadh. Bhí an chéad chuid i gceart, d’éirigh liom neart a scríobh agus bhí mé sásta go leor leis ach an fhilíocht. Sin scéal eile.
Anois is maith liom an fhilíocht, ar ndóigh. Bím féin á scríobh agus tá mo chroí istigh i bhfilí chomhaimseartha ar nós Chiara Ní É agus Shéamuis Barra Uí Shúilleabháin. Shíl mé go raibh na dánta a bhí ar an chúrsa suimiúil go leor ach ní maith liom staidéar a dhéanamh uirthi.
Nuair a scríobhadh na dánta seo míle go leith bliain ó shin ní dóigh liom nach raibh siad ag dúil go mbeadh mic léinn ollscoil cráite ag iarraidh iad a fhoghlaim agus ciall a bhaint astu. Ní raibh aithne phearsanta agam ar na filí ach déarfainn go raibh siad ag iarraidh go léifear iad agus go mbainfí sult astu.
Níl mé a rá nár chóir staidéar a dhéanamh orthu mar is maith liom iad a léamh agus is iontach an rud é go bhfuil siad go fóill ann ach ní sé ag dul mic léinn bunchéime a spreagadh dul i dtreo na Gaeilge.
Mar sin féin, ní féidir liom labhairt ar son gach duine anseo. Tuigim go mbaineann daoine áirithe sult as agus go gcuireann siad an-spéis san ábhar, sa dóigh chéanna nár thaitin an tSochtheangeolaíocht le mórán daoine ar labhair mé leofa ach ba é ceann de na modúil ab fhearr liomsa.
Anois, tá an scrúdú sin díreach curtha i gcríoch agam agus tá ocras orm agus seo á scríobh agam mar sin is dócha nach bhfuil ann ach go bhfuil mé cantalach nár éirigh go maith liom. Ná glac go ró-dháiríre an mhéid atá á rá agam anseo, mar sin.
D’inis mé daoibh cúpla seachtain ó sin go raibh ár dteach ar díol agus go raibh orainn a bheith imithe i mí Eanáir. Bhuel mar a tharla sé, b’éigean dúinn imeacht an tseachtain seo ar deireadh agus ní bheifeá in ann seachtain nó am níos measa a aimsiú le bogadh.
Níl carr agam féin agus ní raibh duine ar bith ar fail le cuidiú a thabhairt dom bogadh amach go dtí oíche Dé Céadaoin. D’imir muid cluiche Tetris ag iarraidh mo shaol ar fad a bhrú isteach sa Peugot ach d’éirigh linn ar deireadh gach uile rud a aistriú agus bhí Boojum againn mar cheiliúradh.
Mar a dúirt mé ag an tús, tá sé ar fad críochnaithe anois agus ní fada go mbeidh an Nollaig tagtha agus imithe agus gur féidir linn ar fad a rá, “bliain úr, mise úr!”