‘Tá nasc daingean nach féidir a shéanadh idir muintir na Gaeltachta’

N’fheadar an toisc mo phost le RTÉ Raidió na Gaeltachta é, nó cad é, ach braithim ceangal níos mó ná riamh idir pobail Ghaeltachtaí na tíre seo. B’fhéidir gurb í mo thógaint is cúis leis. Nuair a bhíos-sa i Meánscoil na Toirbhirte, is cuimhin liom go dtug an t-amhránaí a thugadh ranganna sean-nóis dúinn ar scoil, Áine Uí Laoithe, chomh fada le hócáid sinn, a dtugtaí Sean-Nós na nÓg uirthi, nó SnÓ. 

Bhí Antaine Ó Faracháin ó Bhaile Átha Cliath i bhfeighil na leanaí, agus ba é an cúram a bhí air ná na buíonta ó gach ceantar Gaeltachta a chur ag cleachtadh a gcuid amhrán d’fhonn is a bheith ar stáitse os comhair an phobail an deireadh seachtaine sin ag coirm cheoil SnÓ.

Is ansúd a fuaireas-sa mo cheád éachtaint ar Ghaeltachtaí uile na tíre, mar bhí grúpaí amhránaithe ann ó gach ceantar. Is cuimhin liom iníonacha an scéalaí agus an amhránaí Gearóidín Breathnach ó Rann na Feirste agus a n-amhrán féin acu, Róisín Chambers ó Bhaile Átha Cliath, buíon ó Uíbh Ráthach a chan Dónal Binn Ó Conaill caoin, cleas ó Chonamara, go raibh an pobal ina ndorn acu mar is gnáth, agus a chan Peigín is Peadar, agus mórán eile dreamanna óga a bhí níos fearr ná a chéile. Saighdiúirín Singil a bhí againne, leanaí Chorca Dhuibhne.

Ó shin i leith, táim tar éis Antaine Ó Faracháin a chur i láthair ag Comórtas na bhFear ag an Oireachtas cúpla bliain ó shin, agus aithne agam air ó Shean-Nós Cois Life. Tá ‘Peigín is Peadar’ de ghlanmheabhair agam, a bhuí le Máirtín Tom Sheáinín a chur na focail chugam, agus éistim le Gearóidín i mbun scéalaíochta agus í ag iomaíocht i gcoinne Thomáis Uí Lúing ó Chorca Dhuibhne ag comórtais scéalaíochta an Oireachtais. Tá suim nach beag leis agam in amhráin Uíbh Ráthaigh. An ó SnÓ a tháinig sé seo?

Níl iontu san ach samplaí beaga de dhaoine a bhfuilim tar éis bualadh leo fadó riamh, ach go bhfuil ceangal agam fós leo i slite éagsúla, pé acu an beag nó mór é.

Tá buíochas mór le gabháil le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le TG4 as sinn ar fad a nascadh le chéile, agus go deimhin tá saol na Gaeltachta ana-ana-bheag. Is mó ná saol na Gaeltachta, saol na Gaeilge, agus iad fite fuaite ina chéile níos mó ná riamh.

Nuair a chuas an Choláiste, go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, bhíos saghas caillte. Mise an t-aon duine ó mo rang meánscoile a chuaigh ann. Bhraitheas ar mo chompord ar an bpointe, nuair a bhí Gearóid Denvir agus Lillis Ó Laoire do mo theagasc. Ba ón nGaeltacht iad siúd, an dtuigeann tú agus thugadar aire dom, cé gur ag piocadh orm go cleachtúil a bhídís go minic. Thuigeamair a chéile, áfach, i slí éigin. Ní raibh aon rá air. Cheistídís mé sa rang, “Cad a déarfadh an Duibhneach?” Bhí fáilte gheal romham sa Ghaillimh. 

Is cuimhin liom go ndeineas cúpla cara dom féin, luath go maith, agus nuair a ghlaoinn ar mo mháthair tráthnóintí, bhínn ag eachtraí scéalta an lae di. “Bhuaileas le beirt chailíní inniu, Deirdre agus Pauline”, arsa mise. “Ó, cad as iad san”, arsa Mam? 

‘Ó Charna,’ a dúrtsa “Ó, tá’n tú alright mar sin” arsa í. Bhí Mam féin ar a compord, agus a fhios aici go rabhas in éineacht le muintir na Gaeltachta.

Arsa Mam liom lá eile, “Tá Pádraig Ó hÉalaí ag obair i Roinn na Gaeilge sa choláiste, téir isteach chuige agus abair leis cé hé tú féin, mar bhí ana-aithne aige ar Ghag”. Chuas isteach, agus is mé a bhí go cúthaileach ag cnagadh ar dhoras an Dochtúra Uí Éalaí. “Halló”, arsa mise, “is dócha ná feadaraís cé hé mé féin”.

“N’fheadar cé hé tú féin, ach is maith liom do chanúint”, arsa é! Ha há dí, bhí Duibhneach eile ag gabháil an dorais chuige, cé nach puinn againn an uair úd a théadh an choláiste An Ghaillimh, ach go Corcaigh.

Bhíos ar mo sháimhín só ar fad ag muintir na Gaeltachta. Táim riamh ó shin. Tá rud éigin domhain onainn ar fad atá dofheicthe ach a lonraíonn asainn agus sinn le chéile. Féach ar Oireachtas na Samhna, agus cífidh tú i gcúinne an bheáir, buíon ó Mhúscraí agus ó Chorca Dhuibhne bailithe le chéile ag plé leaganacha amhrán, nó buíon eile istigh ag Corn Uí Riada ag cur is ag cúiteamh sa lucht féachana, ach na haon duine acu ag iarraidh go mbuafadh a chúige féin!

Tá nasc daingean eadrainn, nach féidir a shéanadh, agus is mise atá buíoch gur ón nGaeltacht a shíolraíos. Má tá tú i bponc in aon áit ar domhan, bain amach duine éigin ón nGaeltacht, mar is iad atá breactha ar fud na cruinne, agus tabharfaidh siad aire na huibhe duit. 

SCÉALTA EILE