‘Tá rud éigin deas faoi ghrianghraif chlóite is féidir a chrochadh ar na fallaí’

Chuas amach leis an bhfoireann oibre le déanaí, agus chailleas mo cheamara aon uaire. Bhíos trína chéile. Tá grianghraif agam ón oíche ar an bhfón póca, gan dabht, ach tá rud éigint chomh deas mar gheall ar phictiúir a thógaint ar ghléas ar deineadh go speisialta é chun pictiúir a thógaint, agus iad a bheith curtha i gcló. Bíonn sé deas grianghraif a bheith crochta ar na fallaí, gur féidir leat súil siar a chaitheamh ar do shaol agus na hamanta agus na daoine ab fhearr leat a thabhairt thar n-ais ar feadh tamaillín. 

Tá rud álainn fé ghrianghraf de dhuine ná fuil ann a thuilleadh a bheith i ngreim láimhe agat, ar nós píosa fisiciúil den duine a bheith agat cé ná fuilid leat a thuilleadh. Tá rud éigint fíordheas leis fé sheanghrianghraif a thaispeáint do dhaoine eile, agus féachaint ar an meangadh a thagann ar aghaidh tuismitheora, mar shampla, agus iad ag féachaint siar ar ghrianghraif dá leanaí agus iad beag bídeach. Nó má thá tú ar nós m’athair, ag fiafraí cé hí an leanbh sin ná faca sé riamh cheana ina shaol? Mise a bhí ann, mar eolas. 

Má bhíonn sé d’ádh agat riamh grianghraf de thuismitheoir seanduine a aimsiú i leabhar nó ó leathanach Facebook, nó go deimhin i seanalbam, chífidh tú an gliondar a thagann orthu agus aghaidh duine ná fuil feicthe acu b’fhéidir leis na blianta a fheiscint. Sin é an chumhacht agus draíocht a bhaineann le grianghraif fhisiciúla. 

Mar sin féin, níl mo ghuthán póca reatha agam ach ón 26 Bealtaine 2022, agus fé láthair tá 4,292 pictiúir ar an gceamara. Nílid ar fad curtha i gcló agam, gan amhras, ach is breá lem’ chroí imeacht siar orthu agus imeacht thar n-ais go dtí na laethanta agus na nóimintí speisialta sin inar mhothaíos gur bhreá liom an mothúchán seo a thabhairt ar aghaidh go dtí an todhchaí liom. 

Nuair a bhím in ísle brí, féachaim siar ar na pictiúir ar cheamara an fhóin. Agus mé ag féachaint ar phictiúr d’éirí na gréine nó de ghaineamh buí i gcomparáid leis an bhfarraige ghorm ar lá breá samhraidh, tagann an dóchas agus an áilleacht a spreag mé chun an ceamara a thógaint amach sa chéad áit thar n-ais ar mo chroí. 

Is ar Instagram a chuirim an chuid is mó desna pictiúir is fearr liom anois. Ach ní chuirtear ansan de ghnáth ach na cinn is deise, agus ana-mhinic ní chuireann daoine pictiúirí suas ar Instagram ach ar mhaithe le likes. Tá sé fós deas imeacht siar ar do phictiúirí Instagram féin agus cuimhneamh ar na hamanta maithe. Is féidir linn ar fad cuimhneamh ar ghrianghraf speisialta atá againn inár saol. Más seat d’éirí na gréine é le cairde, an capaillín liath a bhí agat agus tú óg, nó duine atá caillte, cuireann na grianghraif i gcuimhne dúinn na rudaí is fearr sa tsaol. 

Téim tríd an gceamara anois is arís agus cuirim i dtaisce ar an gCloud na pictiúrí is fearr liom, agus cuirim i gcló cuid acu gach bliain. Tá sé mar phlean agam go gcuirfidh mé a thuilleadh dóibh i gcló nuair atá mo thigh féin agam. Go dtí sin is féidir leo fanacht slán sábháilte san áit ina bhfuilid!

Deirtear go n-insíonn pictiúir scéalta, agus d’aontódh gach éinne leis an méid san. Ach chomh maith leis sin, tógann pictiúir siar in am tú go nóimint ar leith ná beidh agat riamh aríst. Tá draíocht ag baint leis seo, agus is fiú go mór é an ceamara a thógaint amach in amanta deasa, agus neamhaird iomlán a thabhairt ar do chairde a deireann rudaí ar nós, “Ná tóg grianghraf díom, tá cuma na scríbe orm”, nó “Is fuath liom grianghraif díom féin.” Ní chuimhneoidh éinne ar na ráitis sin i gceann bliana – ach taitneoidh na cuimhní geala le gach éinne!

SCÉALTA EILE