Bhí muintir Chorca Dhuibhne gan chlúdach fóin ar feadh cúpla lá le déanaí agus caithfidh mé a rá gur thaitin sé go mór liom. Tar éis an chéad chúpla uair an chloig frustrachais, mhothaíos faoiseamh áirithe ná faighim go minic. Cé go raibh nasc idirlín againn ar obair, ní raibh in aon áit eile, agus bhí sé deas a bheith dínasctha tar éis filleadh abhaile tráthnóna. Gan aon scrolláil, chríochnaíos leabhar, scríobhas roinnt mhaith, agus dheineas na jabanna beaga suaracha timpeall an tí ar fad a bhí le déanamh agam. An t-am a chuirim amú de ghnáth ag féachaint ar rudaí amaideacha ar na meáin shóisialta, agus ag seoladh teachtaireachtaí WhatsApp, ní rabhas in ann é a chur amú. Bhí sé níos fusa a bheith i láthair i gceart, gan na roghanna a bhíonn os mo chomhair amach de ghnáth – Twitter, Instagram, Facebook agus araile.
Bheartaíos deireadh seachtaine iomlán, 48 uair an chloig, a chaitheamh gan m’fhón, agus caithfidh mé a rá go molfainn go mór é seo, ach é a dhéanamh i gceart! Roghnaíos deireadh seachtaine a bhí cara liom le teacht ar cuairt. Bhí sí le teacht tráthnóna Dé hAoine agus imeacht an t-am céanna Dé Domhnaigh, agus ní raibh de phlean againn ach roinnt sléibhteoireachta agus snámha a dhéanamh agus an chraic a bheith againn timpeall na leithinse. Bheartaíos an fón a chuir uaim chomh luath agus a leaindeálfadh sí.
Bhíos chun é seo a thógaint dáiríre, mar sin dheineas roinnt machnaimh air. Cad a bheadh uaim go práinneach le linn an deireadh seachtaine? Bheartaíos labhairt le mo thuismitheoirí Dé hAoine agus an scéal a mhíniú dóibh. B’in an rud ba thábhachtaí – tá a fhios againn ar fad an tslí a bhíonn tuismitheoirí nuair ná freagraíonn tú an fón ar feadh cúpla lá!
An tarna rud ná airgead. Dheineas cinnte de go raibh airgead sa chuntas ceart, agus ansan thógas airgead tirim amach ón mbanc ar aon nós. Bhí sé chomh maith agam gach rud a dhéanamh go seanfhaiseanta! Mar a tharla, mise an t-aon duine a raibh airgead tirim acu oíche Dé Sathairn agus chaitheas mo chuid airgid tirim ar fad in aon tigh tábhairne amháin. Ansan chuas chun a thuilleadh airgid a fháilt amach ach ní raibh mo dhóthain airgid ar an gcárta chun fiú €20 a thabhairt amach. A bhuí le fón duine eile, seoladh airgead chugam ar Revolut agus d’úsáideas an cárta san don chuid eile den oíche. Cineál de theip ab ea é sin ar an bplean maireachtaint gan an fón, gan dabht.
An chéad rud eile ná sábháilteacht agus sinn amuigh ag siúl ar na sléibhte. Bhuel, bhí fón ag mo chara, agus bheartaíos mo fhón múchta a thabhairt liom, leis. Bhaineamar úsáid as léarscáil fisiciúil agus buíochas le Dia, níor tharla aon timpiste! Mar sin, ní raibh fón ar bith uainn.
Bhí sé beartaithe againn bualadh le cairde Dé Sathairn. Mhíníos dóibh ná beadh fón agam agus teacht go dtí an dtigh ag am áirithe. D’oibrigh sé sin amach go diail cé go raibh sé saghas ait. Is annamh sa lá atá inniu ann ná cuirtear téacs nuair a bhíonn duine ar a slí, agus go deimhin féin nuair a bhíonn said lasmuigh den dtigh uaireanta!
Ansan an rud ba dheacra – pictiúirí! Conas a thógfainn an cúig mhíle grianghraf gur gnách liom gan an fón póca? D’iarras ar mo chara roinnt grianghraf a ghlacadh desna háiteanna deasa, agus dhein sí. Bean mhór grianghraf is ea í siúd chomh maith. Bhí sé i gceist agam ceamara aon uaire a fháil ach ní raibh an t-am agam imeacht go dtí an gcógaslann toisc go raibh mo chairde ag teacht go dtí an dtigh ag am áirithe!
Mholfainn go deo deireadh seachtaine a chaitheamh gan an fón, más féidir. Bhíos in ann díriú ar an am a chaitheamh le mo chairde i gceart, gan aon rud ag cur isteach air sin. Nuair a chasas ar siúl an fón aríst, admhaím gur mhothaíos gur bhraitheas uaim é. Bhí teachtaireachtaí beaga fachta agam, nár fhreagraíos go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh, agus ní raibh aon cheann acu práinneach. N’fheadar éinne an mó céimeanna a dheineas. Ní raibh am an lae agam formhór an deireach seachtaine, agus nach cuma?
Tá saoirse ar leith ag baint le bheith go hiomlán saor ón dteicneolaíocht agus gan éinne a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leat, bíodh sé ar feadh uair an chloig, tráthnóna, nó deireadh seachtaine. Gan dabht, scéal iomlán difriúil a bheadh ann dá mbeadh cás éigeandála, má thá leanaí ag duine, nó cúraimí dáiríre eile, ach má thá sé de phribhléid agat a bheith in ann sos a thógaint ón ngléas beag – tapaigh an deis!