‘Tá sé in am ag OÉ Gaillimh an Caifé Gaeilge a thabhairt ar ais’

D’fhreastail mé ar chruinniú de chuid Choiste Gaeilge na Mac Léinn den chéad uair an tseachtain seo agus bhí sé an-suimúil go deo. Ba í Oifigeach na Gaeilge Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh a chuir an coiste le chéile agus spéis aici imeachtaí a chur ar siúl a spreagfadh mic léinn na hollscoile níos mó Gaeilge a labhairt ar an gcampas. 

Do dhuine Gaeltachta a d’fhreastail ar bhunscoil agus meánscoil lán-Ghaeilge, bhí sé aisteach go maith an ollscoil a thosú agus gach rud a bheith as Béarla! Fiú na cairde a rinne mé, bhí iontas orthu gur labhair mé Gaeilge sa mbaile agus le go leor do mo chuid cairde eile. Mar sin, bhí sé go deas a bheith mar pháirt den Choiste Gaeilge, le daoine atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn i ngach cuid den Ollscoil. 

Agus mé i mo chónaí i gConamara, tá an-chleachtadh agam ar áiseanna a bheith ar fail i nGaeilge agus gan orm mórán smaoinimh a dhéanamh faoi. Labhraíonn daoine Gaeilge sna siopaí, sna scoileanna agus araile mar gurb é an rud atá nádúrach dóibh. Tá mé féin ag obair i gcaifé lán-Ghaeilge ar an Tulaigh darbh ainm POTA agus tá sé dírithe go hiomlán ar an nGaeilge. Labhraíonn an fhoireann ar fad Gaeilge le na custaiméirí agus eadrainn féin chomh maith. Cinnte, labhraítear Béarla mura dtuigeann custaiméirí an Ghaeilge, ach an rud is tábhachtaí ná sa gcaifé gurb í an Ghaeilge an chéad teanga a úsáidtear.

Faraor, níl aon spás lán-Ghaeilge ar champas OÉ Gaillimh. Níl áit ar bith do mhic léinn cosúil liomsa chun suí agus comhrá as Gaeilge. Bhí Caifé na Gaeilge ann sular tháinig mé chuig an ollscoil ach dúnadh in 2019 é gan rabhadh gan fhógra. Reáchtáil an Cumann Gaelach slógadh agóide ag cur ina aghaidh ach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tá an t-aon spás de chainteoirí Gaeilge fós dúnta. 

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh thar a bheith bródúil as a bheith ina hollscoil dhátheangach agus déantar go leor cainte faoi, ach is í an fhírinne ná go bhfuil lucht na Gaeilge fágtha gan áit ar bith ina bhfuil siad in ann an teanga a labhairt go neamhfhoirmiúil.

Mar champas dhátheangach, ba cheart go mbeadh gach uile seirbhís le fáil i mBéarla agus i nGaeilge do mhic léinn atá ag íoc táillí leis an Ollscoil agus do bhaill foirne freisin. Deirtear linn go bhfuil an Ghaeilge ag fail bháis de réir a chéile, agus go minic luaitear an tábhacht faoi leith atá ag baint le spásanna lán-Ghaeilge a chosaint. Cuireann sé lagmhisneach orm nuair a fheicim OÉ Gaillimh ag déanamh neamhaird den fhadhb seo agus níl muinín ar bith agam go bhfuil siad ag déanamh iarracht labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i measc na mac léinn agus fiú i measc fhoireann na hollscoile. 

Mar sin, ba dheas a bheith ag an gcruinniú den Choiste Gaeilge agus ag bualadh le daoine nua a bhfuil an tsuim chéanna acu liom féin sa teanga.  Tá go leor imeachtaí á bpleanáil ag an gcoiste, ‘Gaelseachtain’ san áireamh, atá ag tarlú ón 11-15 Deireadh Fómhair agus tá muid go síoraí ag pleanáil agus ag teacht aníos le smaointe le haghaidh imeachtaí is féidir linn a chur ar siúl i rith na seachtaine sin. 

Níl sé i bhfad ó shin ó d’fhógair OÉ Gaillimh an Straitéis nua don Ghaeilge. Tá sé in am anois ag bainistíocht na hollscoile breathnú ar an gCaifé Gaeilge a chur ar ais agus ómós a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge, ionas go mbeidh muid in ann suí síos agus cupán tae a bheith againn ar ár gcompord.

SCÉALTA EILE