Tá sé in am dúinn a bheith níos cineálta dá chéile ar líne

Chonaic mé trácht ar leathanach Facebook a bhfuil formhór na nGael atá ar an suíomh páirteach ann inar tugadh amach faoi rud amaideach a tharla ag “Ceiliúradh na Nollag agus Bhliain na Gaeilge” i nGaelscoil ar na mallaibh. 

Bhí an té a scríobh a rá go raibh amhráin Bhéarla á gcanadh ag an cheiliúradh agus go raibh náire air faoi seo, agus dúirt: “Caithfidh gurb é seo an cheiliúradh is measa a bhí ar Bhliain na Gaeilge nó go bhfóire Dia orainn an é seo an caighdeán inniu?”

Anois, ní duine mé a bhíonn ag freagairt tráchtanna mar seo de gnáth mar ní maith liom a bheith ag troid agus bíonn eagla orm go mbeidh mé mícheart, ach ní raibh mé in ann scaoileadh leis an cheann seo os ag caint ar scoil agus ar pháistí scoile a bhí sé. Mar sin, scríobh mé ar ais chuige agus bhí argóint bheag againn sular scrios sé an trácht agus bhí an saol ina cheart arís. 

Bhí fearg orm go fóill go raibh an fear seo sásta caitheamh anuas ar an scoil seo in áit chomh poiblí sin agus gan a bheith ag smaoineamh ar na páistí a bhí ag obair go crua ar an cheiliúradh seo agus ar an droch-chlú a bheadh tarraingthe ar an scoil seo aige. Ach tá nós againn i saol na Gaeilge a bheith ag tabhairt amach faoi rudaí gan a bheith ag smaoineamh faoi na daoine a bhí ag obair go crua le rudaí a chur amach ansin. Daoine a chaith uaireanta a chloig ag ullmhú agus ag obair i dtreo imeacht nó rud éigin agus ansin feiceann siad go bhfuil 20 duine ag gearán faoi ar na meáin shóisialta. 

Ach seo é an nós atá againn ar fad anois agus déanaim féin é. Ach tá mé ag iarraidh rudaí a athrú mar níl sé go maith do mo chuid meabhairshláinte féin go mbím míshásta le gach rud a fheicim ach ní thiocfaidh feabhas ar chúrsaí na Gaeilge má tá muid de shíor ag tabhairt amach agus ag gearán faoi rudaí ach an oiread.

Bheadh eagla an domhain ormsa imeacht a eagrú ar eagla go mbeadh daoine ag tabhairt amach go raibh daoine ann nach raibh Gaeilge acu nó go raibh Béarla ar an phóstaer nó gur chinn duine éigin amhrán dátheangach a rá nó rud amaideach eile mar sin. 

Agus cén mhaitheas a dhéanfaidh sé rud a scríobh ar na meáin shóisialta faoi cibé ar bith? Bíonn cuma ar an scéal in amanna go mbíonn daoine ag tabhairt amach ar mhaithe leis na ‘likes’ agus go dtiocfaidh daoine leo le fearg agus míshástacht.  

Ach ní dhéanann sé maitheas don teanga ná dá forbairt má bhíonn muid ag cur eagla agus bac ar dhaoine rudaí a eagrú de dheasca na stoirme a thiocfadh ina dhiaidh ar Facebook nó Twitter. 

Sílim go bhfuil sé in am dúinn a bheith níos cineálta dá chéile agus muid ag plé le rudaí ar líne. Más é nach bhfuil tú sásta le rud, scríobh chuig an dream iad féin agus abair leo cad chuige nach raibh tú sásta ach déan iarracht ar a laghad dhá rud deas a rá fá choinne gach drochrud a deir tú. Muna bhfuil rud ar bith deas le rá agat, déan mar a deir do mháthair agus ná habair a dhath! 

Agus más duine thú a bhíonn ag tabhairt amach faoi rudaí go minic, amharc ort féin ar dtús agus déan cinnte go bhfuil gach rud i gceart leat má tá tú míshásta go minic. Agus más é go raibh rud éigin chomh holc sin go gcreideann tú nach dtiocfaí jab níos measa a dhéanamh de rud agus go bhfuil ort gearán poiblí a dhéanamh faoi, bain triail as an rud a eagrú agus á chur ar súil tú féin ar dtús. 

Feicfidh tú ansin cé chomh deacair is atá sé imeachtaí a eagrú, daoine a mhealladh agus achan nduine a choinneal sásta agus tá mé cinnte nach mbeidh tú chomh gasta céanna ag déanamh gearán faoi rud ar na meáin shóisialta as sin amach. 

SCÉALTA EILE