Faoi dheireadh thiar thall, tá mé go hiomlán istigh san ollscoil. Agus mé ag dul timpeall na hollscoile, ag cuardach hallaí léachta agus níos tábhachtaí arís, ag aimsiú an chaifé is fearr ar an gcampas (Smokey’s atá ann faoi láthair, ach tá neart taighde le déanamh agam le linn na seachtainí atá amach romhainn!), mhothaigh mé ar nós fíor-mhac léinn ollscoile ar deireadh.
Is scoláire dara bliana mé, ach an bhliain seo caite agus an fhoghlaim ar fad ar líne, ní fhaca mé faic den champas. Is léir go bhfuil a fhios ag gach duine gur chaill muid amach ar bhliain thábhachtach ó thaobh cairde a dhéanamh agus an chraic a bheith againn go ginearálta, mar sin tá gach duine ar bís go gcúiteofar an t-am a cuireadh amú, mé féin ina measc.
Mar sin, ar an chéad lá den ollscoil, shiúil mé isteach ar an gcampas agus mé thar a bheith diongbháilte díreach an méid sin a dhéanamh. An rud nach raibh mé ag súil leis ná cé chomh deacair is a bheadh sé. Is duine sách cairdiúil agus féin-mhuiníneach mé (dar liomsa ar aon nós!), agus i mo chéad chúpla lá san ollscoil rinne mé grúpa deas cairde go héasca. An deacracht a bhí agam mar sin féin, ná go raibh an meon paindéime fós i m’intinn.
Tar éis an chéad lá léachtaí agus ag labhairt le daoine an lá ar fad, bhí mé leagtha amach. Níl cleachtadh ar bith agam ar shaol na hollscoile, áit a dteann tú amach gach oíche agus isteach ag léachtaí gach lá. Thug mé faoi deara go raibh mé ag éirí níos tuirsí agus, le bheith fírinneach, mhothaigh mé go raibh gach rud ag dul i bhfeidhm orm. Bhí cleachtadh faighte agam ar bhliain iomlán socair, le rúinín an-bheag sóisialú agus nuair a caitheadh isteach i saol na hollscoile mé, ní raibh mé réitithe lena aghaidh.
D’fhoghlaim mé ceacht tábhachtach, a bheidh in úsaid agam ar feadh an chuid eile den bhliain acadúil, táim cinnte. Tá sé riachtanach go gcoinneofar súil ar an gcineál gcadhnra sóisialta atá agat. Maidir liomsa, is duine an-neamhspleách mé agus ní theastaíonn uaim a bheith i gcomhluadar daoine eile an t-am ar fad. Mar sin féin, tá uaireanta ann a chaitheann mé brú a chur orm féin dul amach nó bualadh le cairde mar, cé nach bhfuil mé ag iarradh scaití, tá a fhios agam go mbeidh mé sásta go ndearna mé iarracht. Caithfear cothromaíocht a chruthú idir thú féin a chur amach as an áit a bhfuil an saol éasca agus compordach agus rudaí nua a bhíonn scanrúil amanta a dhéanamh, ach fios a bheith agat chomh maith go bhfuil sé ceart go leor briseadh a thógáil.
Is é an cúrsa atá mé a dhéanamh ar an ollscoil na tsíceolaíocht, mar sin b’fhéidir gur thaithí mhaith dom an tseachtain seo ar an imní agus an bealach is fearr le déileáil léi. Ar aon nós, mothaím go bhfuil mé ag fáil an ceann is fearr ar shaol nua na hollscoile, píosa ar phíosa. Táim cinnte tar éis seachtain nó dhó eile go mbeidh mé ag suí i mbeár an choláiste, gan a fhios cén fáth a raibh mé ag déanamh in oiread sin imní!