Tá seans ard ann nach bhfaighidh mise aon chárta lámhdhéanta

Cé go bhfuil an 35ú bliain bainte amach agam, creidim fós go bhfuil bhfuilim i bhfad ró-óg le páiste a bheith agam. Más tada é, ó thosaigh mé ag freastal ar an ollscoil arís, agus ós rud é go bhfuilim i rang lán le daoine atá deich mbliana níos óige ná mé, mothaím go bhfuil saol an duine fásta an-fhada go deo uaim. 

Mar sin, baineadh stangadh de chineál asam nuair a rinne mé beagán machnamh ar Lá na Máithreacha agus thuig mé go raibh na blianta ‘maithe’ le páiste a thabhairt ar an saol éalaithe orm. 

Sin an fhadhb leis na deiseanna ar fad a deirtear atá ag mná sa lá atá inniu ann. Deirtear linn gur féidir linn gach rud a dhéanamh, ach i ndáiríre níl sé sin fíor. Ag tráth éigin, caithfear cinneadh a dhéanamh leanacht leis an ngairm, nó sos a ghlacadh, má éiríonn leat toircheas a bhaint amach.

Ansin, caithfidh tú do chuid eile de do shaol in iarracht an dá shraith a fhreastal, ag mothú uafásach nuair a chlisfear ort. Nó, tiocfaidh tú ag tráth den saol go bhfuil tú in acmhainn sin a dhéanamh, ach faoin am sin, tá tú ligthe síos ag do chuid bitheolaíochta.

Táimse ar ollscoil anois, gan clann agus sásta go maith. Nuair a bhí mo mháthair ar comhaois liom, bhí triúr aici. B’fhéidir dá gcuirfí ceist uirthi, go ndéarfadh sí go mbeadh sí níos fearr as sa gcoláiste chomh maith, ach sin scéal eile! 

Faoin am a bheidh mé críochnaithe, beidh mé ag tarraingt ar 40. Caithfidh mé glacadh leis go bhfuil seans réasúnta ard ann nach mbeidh aon chárta lámhdhéanta ag teacht abhaile agamsa in íochtar mála scoile. 

An fhadhb ar ndóigh, ná go bhfuilim ceart go leor leis seo faoi láthair, ach cá fios cén chaoi a mhothóidh mé nuair a bheidh an 40 bainte amach? Cloiseann muid go minic ó na mná a bhfuil aiféala orthu nach raibh páistí acu ar chúiseanna éagsúla. Ní chloiseann muid mórán ón té gurbh fearr leo na páistí a bheith fágtha ar leataobh acu. 

Seans maith mar nach féidir é sin a rá ós ard. Ní bheidh fios againn go brách cé mhéid bean a raibh gasúir acu ina gcuid 30dí, ar fhaitíos. In ainneoin an dul chun cinn atá déanta againn mar shochaí, tá sé fós deacair a rá ós ard nach bhfuil aon spéis mhór agat gasúir a thabhairt ar an saol. Ceaptar go bhfuil sé mí-nádúrtha. Breathnaítear cam ort, nó deirtear leat go dtarlóidh sé lá éigin, nó an ceann is fearr uilig, “tuigfidh tú nuair a bheidh do ghasúir féin agat.” 

Tá club na dtuismitheoirí ann, cumann daoine atá faoi bhrú ag am, airgead, cúram leanaí agus an obair. Is maith an rud é go bhfuil Lá na Máithreacha ann le buíochas a ghlacadh le gach mamaí a rinne an obair seo. Ach smaoinigh freisin, go bhfuil mná ann a thriail dul isteach sa gclub agus nár éirigh leo. Agus go bhfuil baill eile sa gclub, agus dá mbeadh a ndara deis acu, go bhfágfaidís an ballraíocht ina ndiaidh. 

SCÉALTA EILE