Thosaigh muid ar thionscnamh grúpa, an chéad cheann ó thús na bliana acadúla, a bheidh ag dul ar aghaidh go deireadh an chéad seimeastair.
Faoi cheann deich seachtaine beidh orm, le cabhair ó cheathrar eile, táirge a dearadh, tuairisc a scríobh agus, ag braith ar chúrsaí sláinte poiblí, gléas a chruthú a chabhróidh le seandaoine agus daoine atá faoi mhíchumas braillín a chur ar an leaba agus clúdach a chur ar an bpluid agus na piliúir.
Is geall le smaoineamh as Wallace and Gromit é, a deir tú. Bhuel cibé céard é féin ba é a tugadh dúinn le déanamh.
Mar sin Dé Luain seo caite cuireadh amach liosta ainmneacha agus na grúpaí ina raibh chuile dhuine. “Iontach,” a deirim agus thóg mé pictiúr den liosta ainmneacha a bhí i mo ghrúpa agus chuir mé grúpa WhatsApp le chéile. Sheol mé isteach an tasc a tugadh dúinn agus d’fhág mé mar sin é.
Bhí cúpla lá tagtha agus imithe agus gan tada tagtha isteach sa ngrúpa ón rud a sheol mé féin. Bhuel bhuail taom feirge mé mar gheall go raibh cáipéis le seoladh isteach an Luan dar gcionn ina dtaispeánfaí an chaoi a mbeidh muid ag bualadh faoi, agus gan oiread agus “boo” ráite ag duine ar bith ach agam féin.
Chuir mé liosta de na rudaí a bhí le seoladh isteach ar an Luan sa ngrúpa ag súil go ndéarfaí “má dhéanann tusa an chuid sin, déanfaidh mise an chuid eile seo”. Ní raibh freagra le fáil.
Bhuel ní raibh mise ag dul marcanna a chailleadh de bharr a gcuid leisciúlachta sin agus d’imigh mé liom ag cur plean i dtoll a chéile.
Nuair a bhí mo chuid déanta sheol mé an cáipéis Word isteach sa ngrúpa agus d’fhiafraigh mé an raibh athrú ar bith ag duine ar bith sula gcuirfinn chun bealaigh é.
“An-obair, a Dhomhnaill”
“Breathnaíonn sé thar cionn”
“Iontach. Go raibh maith agat”
Agus emoji den ordóg in airde.
Sin iad na freagraí a fuair mé. Bhí mé ar mire! Ab iod é an chaoi a mbeidh an chuid eile den tionscnamh seo? Mise i m’asal ag déanamh na hoibre uilig don ghrúpa leisceadóirí seo?
Ach is ansin a bhuail an smaoineamh mé. Níl aithne ar bith agam ar na daoine seo. Siod ceathrar as 70 duine a phioc Innealtóireacht Mheicniúil as 280 duine a bhí ar an gcúrsa Innealtóireachta Ginearálta anuraidh (an uair dheiridh a bhí mé sa seomra céanna le duine ar bith acu seo).
Luíonn sé le ciall nach bhfuil aithne ar bith againn ar a chéile. Agus anois táthar ag iarraidh orainn tionscnamh a dhéanamh tríd WhatsApp?
Tuigim anois cén fáth nach raibh freagraí ag teacht isteach. Céard a dheireann tú le grúpa strainséirí? Tuigim féin go maith an chúthaileacht a bhaineann le grúpaí nua daoine, agus murach an díocas a bhí orm an méid seo a dhéanamh roimh dheireadh na seachtaine seans go mbeinn féin chomh cúthail céanna.
Nuair a rinne muid tionscnaimh mar seo sa gcéad bhliain bhí an chiotaíl sin imithe tar éis dúinn bualadh le chéile. Níl aon bhualadh le chéile ann níos mó.
Níl cliú dá laghad agamsa cén chuma atá ar na daoine seo ná cé as iad agus níl aithne ar bith le cur ar a chéile i ndáiríre mar nach bhfuil iontu faoi láthair ach an “rud” ar an taobh eile den fhón nó den ríomhaire a chruthaíonn an bobailín beag cainte sin i WhatsApp.
Tá go leor coláistí agus ionaid oibre ar fud na cruinne ag déanamh amach go bhfanfaidh cuid mhór dá gcuid scoláirí agus oibrithe ar líne tar éis ré an víris seo agus cuireann sé sin imní orm.
Buíochas le Dia níl aon chaint ag OÉ Gaillimh é sin a dhéanamh, ach cruthaíonn sé timpeallacht mhífholláin oibre d’fhoireann nó do ghrúpa atá ag obair ar thionscnamh — sa scoil nó san ionad oibre — nuair nach bhfuil na daoine in ann castáil le chéile agus aithne a chur ar a chéile.
Mar sin tabharfaidh mé pas na ciotaíle dóibh an tseachtain seo ach tá súil le Dia agam go dtiocfaidh feabhas ar a gcuid cabhrach sna seachtainí atá le teacht mar bíonn rudaí eile le déanamh agamsa freisin ar nós a bheith ag scríobh alt duitse.