Tagann ciall le haois agus tá mé níos sásta dá bharr

24 bliain ó shin a bhí ann Dé Céadaoin ó tháinig mise ar an saol. Ní raibh mé riamh róthógtha faoi mo bhreithla, mhothaigh mé i gcónaí go raibh díomá orm mar gheall go raibh mé ag dúil le barraíocht agus bheinn i gcónaí ag mothú go holc fúm féin.

I mbliana, áfach, ní raibh díomá ar bith orm. Chinn mé ag tús an lae nach gcuirfeadh rud ar bith isteach orm agus go mbainfinn sult as a bheith ar obair agus ceiliúradh beag a dhéanamh go bhfuil mé beo agus sláintiúil agus go bhfuil an saol go maith. 

Bhí am ann nuair a chreid mé nach mbainfinn 24 amach mar gheall go raibh mé ag streachailt an oiread sin le fadhbanna meabhairshláinte. Ní raibh mé riamh in ann mé féin a shamhlú ag an aois seo nó ní raibh fís agam den saol a bheadh agam agus mé fásta, céim bainte amach agam agus Big Girl Job agam. 

Is uafásach an rud é anois ag smaoineamh siar air sin agus tá mé airdeallach go bhfuil seans ann go rachaidh mé ar ais ann ach tá mé iontach bródúil asam féin anois go bhfuil mé tagtha chomh fada seo agus feabhas ag teacht ar mo shláinte mheabhrach achan lá. Ba bhreá liom dul ar ais agus a rá leis an bhean a bhí ionam cúpla bliain ó shin go mbeidh sé i gceart agus go bhfuil sí iontach agus gur chóir dí a saol a chaitheamh mar is mian léi.

Mar gheall go bhfuil m’inchinn briste, deir sé liom go bhfuil fuath ag daoine orm agus nach bhfuil daoine ag iarraidh am a chaitheamh liom nó go bhfuil mé ag cur isteach ar dhaoine agus ansin bím ag coinneal súil amach do leideanna le chinntiú liom féin go bhfuil seo fíor. 

Má chreidim nach maith le duine éigin mé agus ní fhreagraíonn siad mo theachtaireacht láithreach bonn, deirim liom féin, “See! Bhí a fhios agam nár thaitin mé leofa agus níl siad ag iarraidh a bheith ag labhairt leat. Sin an fáth nár scríobh siad ar ais chugat” nó má bhíonn drochspionn ar dhuine éigin, creidim gur mar gheall ormsa atá sé agus bím do mo chéasadh féin. 

Ar dhóigh leithleasach, bheadh sé de nós agam a rá liom féin nach raibh grá ag daoine dom nuair nár thug siad go léir airde dom ar mo bhreithlá. Murar scríobh siad chugam nó más é go ndearna duine éigin dearmad, ghlacfainn leis nach raibh mé tábhachtach i saol an duine sin agus arís, gur fuath leofa mé, agus na bréaga eile sin ar fad a d’inseoinn dom fein. 

Ach tagann ciall le haois agus tuigim anois nach é sin mar atá sé agus tá mé i bhfad níos sásta dá bharr. Ní raibh mé ag amharc ar Facebook don lá ar fad le feiceáil cé a bhí ag scríobh chugam (ach míle buíochas díobh siúd a scríobh chugam) agus bhí mé sásta go leor nár ceoladh an t-amhrán damanta sin oiread is uair amháin.

Shínigh achan nduine ar obair cárta breithlae dom, fuair cara iontach de mo chuid bláthfhleasc lusanna gréine dom, fuair mo mhamaí ciste beag lemon drizzle, agus bhí lá den scoth agam le daoine iontacha thart orm. 

Tá mé ag dúil anois go mbeidh an chuid eile de mo 25ú bliain ar an saol seo chomh maith céanna is a bhí an lá sin. Coinneoidh mé ar an eolas sibh cibé a tharlaíonn! 

SCÉALTA EILE