Teach ina bhfuil an chéad aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna curtha ar díol

Tá ceannáras Cumann Staire na hÉireann Mheiriceá (American Irish Historical Society) in New York, mar a bhfuil cóip den chéad leagan Gaeilge den Sean-Tiomna a cuireadh i gcló, ar díol. 

Cheannaigh an Cumann Uimhir 991 Ascaill a Cúig in 1939, agus is ann a choinnítear an leabharlann mhór cáipéisí, leabhar agus earraí eile a bhaineann le hÉirinn agus leis an nGael-Mheiriceánachas. 

Tá an leagan Gaeilge den Sean-Tiomna a clóbhualadh sa bhliain 1685 mar chuid den bhailiúchán sin. Ba iad Muircheartach Ó Cionga a rinne formhór an aistriúcháin faoi threoir an Easpaig Uilliam Beidil, Easpag na Cille Móire, sa bhliain 1640. Cuireadh moill ar fhoilsiú an leagain Gaeilge mar gheall ar Éirí Amach 1641. Cuireadh 500 cóip den téacs i gcló ar deireadh in London sa bhliain 1685, faoi stiúir Narcissus Marsh, propast Choláiste na Tríonóide. 

Tá ceann de na cóipeanna sin i mbailiúcháin an Chumainn Staire i measc cáipéisí tábhachtacha eile ar nós litreacha ón uachtarán Theodore Roosevelt, ar bhall den Chumann é. 

Tá an teach féin ar Ascaill a Cúig ar cheann de na foirgnimh is galánta i gcathair New York, agus é lonnaithe gar do Central Park agus don Metropolitan Museum of Art. Teach príobháideach cónaithe a bhí ann i dtús aimsire agus ba í Mary A. King, iníon an Ghobharnóra John A. King a chónaigh ann ar dtús. Chónaíodh an baincéir David Crawford Clark ann tráth agus ina dhiaidh sin cheannaigh William Ellis Corey, a d’fhág ag a mhac i ndiaidh a bháis é in 1934. 

Cúig bliana ina dhiaidh sin a cheannaigh an Cumann Staire an teach, agus shocraigh mar cheannáras na heagraíochta é in 1940. Is ann atá sé lonnaithe ó shin. 

Rinneadh athchóiriú ar an teach in 2006 ach tá an cinneadh déanta anois ag lucht stiúrtha an Chumainn an ceannáras a chur ar an margadh. Tá praghas $52m (€42.9m) luaite leis an bhfoirgneamh. 

SCÉALTA EILE