Teipeanna go 30

Ní fada go mbeidh ár scríbhneoir álainn Siún Ní Dhuinn ag ceiliúradh a 30ú breithlá. Pléann sí a luathbhlianta i nDún Dealgan, a 20í órga, na teipeanna ar an mbealach agus an suaimhneas atá uirthi anois díreach san áit a bhfuil sí faoi láthair.


Cheap mé go mbeinn pósta.

Mheas mé b’fhéidir go mbeadh clann orm.

Bhí mé siúráilte go mbeinn saibhir.

Teip. Teip. Teip.

Ní airím tríocha, cé go bhfuil an dá uimhir ag teacht chugam go luath.

Osclaím irisleabhar faisean a thaitin go mór liom tráth agus feicim go bhfuiltear ag maíomh go bhfuil mé róshean le barra gairide (crop-tops) a chaitheamh anois.

Tá an ré sin thart.

Ba cheart go mbeadh léinte Marks and Spencers á gceannach agam, na léinte sin nach n-osclaíonn ar do bhrollach.

Sin teip eile le cur ar an liosta.

Tá drogall orm é a rá, ach is uimhir mhór thábhachtach bhagrach í tríocha scaití do dhaoine.

Aithním i mo chairde féin é, triúr acu a d’admháil go raibh faoiseamh orthu go raibh siad geallta nó pósta faoina mbreithlaethanta.

Creidim go mbaineann cuid de sin leis an mbrú a mhothaíonn mná ‘socrú síos’ in am le páistí a thabhairt ar an saol.

Cuireann sin brón orm.

Le fírinne, bheadh ort a bheith dall agus bodhar gan cuid den bhrú, a bhaineann leis na boscaí cuí a chomhlíonadh, a shú isteach agus é a choinneáil leat go smior.

Ná bíodh aon iontas ort nuair a thosaíonn daoine á straidhneáil féin ag staonadh ar do lámh chlé.

Nuair a bhí mé sna déaga, bhí mé an-tógtha le Sylvia Plath, leis an saol tragóideach a chaith sí le Ted Hughes, agus lena scríbhneoireacht álainn.

Sylvia Plath agus Carrie Bradshaw, dá gcreidfeá é.

Ach, faraor ní raibh saol Sylvia chomh mealltach an t-am sin do chailín óg, ná baol air.

Bhí Carrie Bradshaw agus a cairde i mbarr a réime, agus sráideanna an Úill Mhóir faoina smacht acu.

Bhí mise ag fás aníos i mbaile Dhún Dealgan, ag freastal ar Scoil na mBráithre Críostaí agus ag ól Smirnoff Ice bogthe nuair a gheobhainn an deis.

Cuireadh íomhá os mo chomhair do bhean a d’ól Cosmos, a chaith toitíní in aice lena cófra lán Chanel, agus a raibh scaifte fear aici i dtólamh.

Ní nach ionadh é go raibh spéis agam mo pheann a chur ar phár ó shin.

Thosaigh mé ag scríobh i gceart ag tús m’fhichidí, déanach go leor i gcomparáid le scríbhneoirí eile, is cosúil.

Ní hé nach raibh mé ag iarraidh tús a chur le hailt, le drámaí, nó le dánta ach bhí faitíos orm.

Cheap mé go dteipfeadh orm, nach mbeinn in ann píosa maith tuairimíochta a chur le chéile, an struchtúr cuí a chur air, nó eagarthóireacht a dhéanamh air ach oiread.

Agus ní raibh.

Siun 1

Formhór a scríobh mé, seafóid a bhí ann.

Línte fada téacs gan cruth orthu.

Míreanna eile nach bhfeicfidh solas an lae agus ba cheart go mbeimis ar fad buíoch as sin.

Fíoraíodh na buairimh ar fad, theip orm.

Ó shin i leith, tá teipthe orm i roinnt mhaith réimsí eile, i gcomhthéacs oibre, le fir – cosúlacht amháin idir mé féin agus Carrie – agus le cairde fiú.

Ghortaigh na teipeanna ar fad mé.

Shil mé deora feargacha teo a thit anuas ó shúile leochaileacha.

Idir fiche agus tríocha a d’fhoghlaim mé go dteipeann orainn ar fad, ach go gcuirtear faoi cheilt iad ón mórphobal i gcoitinne.

Tá an teip curtha inár láthair mar dheireadh bóthair, cé go bhfuil a fhios againn ar fad gur taithí shuaiteach ghasta neamhdhíreach é an saol comhaimseartha.

Cén fáth, mar sin an bhfuil muid dar gcéasadh féin nuair nach n-éiríonn linn bóithre ficseanúla a aimsiú?

Maireann muid tríd na teipeanna seo, a bhformhór acu, cé go dtéann siad i bhfeidhm orainn agus go n-athraítear muid dá mbarr.

Nuair nach bhfuil an dara rogha agat, tosaíonn tú as an nua.

Tá saoirse álainn i dteipeanna áirithe, cuid acu a raibh an chuma orthu go gcuirfidís soir tú ag an am.

Dála an scéil, níl aon aiféala orm nach bhfuil an Tríonóid Naofa thuas bainte amach agam.

Fáiltím roimh thríocha na dteipeanna.

SCÉALTA EILE