Deirtear má thugann tú rud éigin le déanamh do dhuine éigin a bhfuil seacht gcúraimí an tsaoil orthu, go ndéanfaidh siad é, ach má thugann tú an rud céanna le déanamh do dhuine éigin atá díomhaoin, ná déanfaidh siad in aon chor é, agus an té a bhíonn díomhaoin, bíonn sé drochghnóthach.
Is mó cúram a chuireamar romhainn don gcéad tréimhse dianghlasála anuraidh. N’fheadar éinne cad iad na cuboird a ghlanfaimis, na poirt a d’fhoghlaimeoimis agus na plandaí a chuirfimis. Cuireann cuid dos na tograí tí a cuireadh i gcrích formad an diabhail orm! Ach caithfead a mheabhrú dom féin anois is arís, go bhfuilimse ag obair agus ná fuil am agam a bheith ag scaoileadh faoi scileanna nua i láthair na huaire.
Nó ab in leithscéal, nó leisce fiú, tabhairt faoi rud éigin nua a fhoghlaim ar eagla ná déanfainn chomh ceart is ba mhaith liom é? Tugtar ‘foirfeacht’ ar an ngalar san agus is galar é. Is cúng an saol atá ag duine ná fuil sásta scaoileadh leo féin, beagán, chun triail a bhaint as rud éigin nua.
Anuraidh thosaíos ag snámh gach dara lá, agus cé go raibh ana-leisce orm dul sa bhfarraige ar dtús, toisc go gcaithfinn an compord is an teas aige baile a fhágaint i mo dhiaidh, níl aon aithreachas orm ó shin. Táim coimeádta leis. Don gcéad uair le fada, táim tar éis cloí le rud éigin agus tá iontas orm mar gheall air sin. Tá rud amháin siúráltha, ach go bhfuilim chomh buíoch an fharraige a bheith sa chóngar agam.

Tá an tríú tréimhse dianghlasála níos déine ná aon cheann eile. Taithí nua, a chuirfeadh ar bís tú, a bhí sa chéad tréimhse. Bhí an tarna tréimhse gearr agus bhí daoine ag súil leis an Nollaig, agus bhí na leanaí ar scoil arís, agus an triú tréimhse; bhuel, tá daoine mífhoighneach agus níl aon ní acu le bheith ag súil leis, ná aon deireadh le teacht ar na srianta go fóill.
“Conas tá’n tú?”, a fhiafraím de dhaoine agus mé amuigh ag siúl na laethanta seo. “Cuíosach”, a deir siad, “ag baint lá as”. I mí Aibreáin seo caite, deiridís “go diail, ná fuil an aimsir nótáltha agus cúpla seachtain saor againn? Tá sé go diail na tránna a bheith chugainn féin againn agus gan aon strainséirí timpeall.”
Bhí, bhí sé go diail agus bhíomar ar fad chomh buí le bolg an tslimide ag an ngrian agus na beárbaiciúnna na haon tráthnóna. Ní raibh aon rian don víreas i gCorca Dhuibhne an uair úd, má tá. Ní mar a chéile an scéal anois, agus tá anbhá ar dhaoine agus iad ag éirí corrthónach chomh maith.
Ceann des na caitheamh aimsirí is mó a bhíodh agamsa ná laethanta saoire a phleanáil dom féin, ná rachainn orthu go brách! Ba bhreá liom a bheith ag féachaint ar áiteanna agus óstáin neamhghnáthacha ar fuaid an domhain, agus ar chostas eitiltí, agus na bialanna go n-íosfainn iontu. Ní féidir é sin a dhéanamh a thuilleadh, mar níl na sceitimíní céanna ag baint le pé saoire ar a rachaidh mé lá éigin, bliain éigin eile.
Go dtí san, meabhróidh mé dom féin go bhfuilim chomh buíoch, ná fuil éinne a bhaineann liom breoite ag an víreas corónach, go bhfuil mo mhuintir agus mo chairde agam, mo chomharsana, mo dhúthaigh, an fharraige, mo phost, agus thar aon ní eile, mo shláinte.
Deinimid dearúd ar na rudaí is tábhachtaí, ar a bhfuil smacht againn, nuair a bhímid ag cuimhneamh ar an ndrochrud de shíor, ach ná ligimis don ngéarchéim, an láimh an uachtair a fháil orainn. Tá smacht againn ar ár n-aigne. Na bímis inár bpríosúnaigh istigh ann.