An cuimhin libh go raibh alt againn ar an tseachtain seo caite faoi thraidisiún na dtinte cnámh fud na hEorpa ar Oíche Fhéile Eoin?
Bhuel, tá baile ar chósta na hIorua tar éis an churiarracht dhomhanda don thine chnámh is mó ar domhan a bhriseadh.
Leis na cianta tá muintir Ålesund ag teacht le chéile i lár an tsamhraidh chun tine chnámh ollmhór a thógáil cois uisce agus úsáidtear na mílte pailléad, cliathbhosca agus bairille leis an struchtúr a chur in airde.
I mbliana d’éirigh leo tine 47.4 méadar ar airde a dhéanamh, curiarracht dhomhanda oifigiúil i ndomhan na dtinte cnámh.
Meitheal a bhfuil taithí mhaith acu ar an obair a chuireann an t-ábhar tine ar fad le chéile agus is iontach an dóigh a gcomhoibríonn siad lena chéile chun an airde dhochreidte a bhaint amach.
Ansin, nuair atá an t-ollstruchtúr adhmaid réidh acu cuirtear trí thine é chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ghrianstad agus, ó theacht na Críostaíochta, ar Eoin Baiste.
Tá an t-éacht oibre le feiceáil sna físeáin thuas agus thíos… is cinnte go gcuifidh siad éad ar na Fir Bhuí!