Tá caifé i mBéal Feirste ag tarraingt airde, agus breis custaiméirí, le feachtas margaíochta a bhfuil aghaidheanna polaiteoirí ar crochadh os cionn an dorais acu.
Ní bheadh rath ar a leithéid de ghnáth, shílfeá, ach tá imeartas glic focal in úsáid acu ar chomhartha amháin, agus is breá le turasóirí é ach go háirithe.
Is é “Tiocfaidh ár lá-tte” an frása atá i gceist agus é curtha taobh le pictiúr de cheannaire Shinn Féin, Gerry Adams.
Tá grianghrafanna de bhaill eile an pháirtí pholaitiúil le feiceáil i gcaifé an Falls Rolls ar Bhóthar na bhFál ach is an leagan seo de mhana Bobby Sands is mó atá ag mealladh suime ón phobal.
Pé áit a luíonn do chuid polaitíochta, ní féidir an greann a shéanadh.
Beidh ár lá-tte linn!