Tá Éire i measc na gcúig thír is lú ráta colscartha san Eoraip, de réir figiúirí nua atá cruinnithe ag Amazing Maps, bunachar léarscáileanna ar Twitter.
Is í an Mhacadóin an tír leis an ráta colscartha is lú ar fad; tá 8% den daonra ansin colscartha.
Sna sála ar an Mhacadóin tá an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin le 11%.
Tá ár dtírín féin sa 3ú háit ansin, le 13% den daonra colscartha.
Dea-chomhartha don ghrá, a deir sibh.
Ní hea faraor, ach tiocfaimid ar ais chuige sin ar ball.
Seans go gcuirfidh sé iontas ort gur bhain ár gcairde thar Shruth na Maoile thoir an 5ú háit amach ar an liosta, agus colscaradh faighte ag duine as gach cúigear a phós.
Ar an taobh eile den scéal ar fad, tá an Bheilg ar an tír is mó colscaradh, le 71% den daonra colscartha.
Maidir le tíortha eile, tá 68% de dhaonra na Portaingéile colscartha, 67% san Ungáir, 66% i bPoblacht na Seice agus 61% sa Spáinn.
Tugann na rátaí colscartha léargas spéisiúil dúinn ar cad atá ag dul ar aghaidh sna tíortha úd.
Bheifeá mícheart a bheith ag smaoineamh go bhfuil rud éigin grámhar san uisce sa tír seo.
Meastar go mbaineann an ráta íseal le cúinsí airgid den chuid is mó i gcás na hÉireann.
Ghlac an oiread céanna daoine agus a fuair colscaradh le hidirscaradh breithiúnach (legal separation), mar shampla, rogha atá níos saoire agus níos gaiste.
Má bhreathnaítear ar líon na ndaoine a d’éiligh go n-aithneofaí go hoifigiúil go raibh deireadh tagtha lena bpósadh, táimid i bhfad níos giorra don mheán san Eoraip.
Is spéisiúil go bhfuil sé réasúnta furasta agus saor colscaradh a fháil sa Bheilg, an tír is mó colscaradh, i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip, agus go bhfuil fáil ag mná ar oideachas agus ar phoist mhaithe.
Seans go bhfuilimid sa tríú háit ar liosta na gcolscartha, ach táimid ag teacht le nósanna eile san Eoraip – tá níos lú daoine ag pósadh, tá níos mó lánúineacha ag díchupláil agus tá níos mó páistí ag teacht ar an saol agus a dtuismitheoirí neamhphósta.